AGALLAMH EISIACH: Tá an dlíodóir aitheanta Niall Murphy ar ais sa bhaile

Ceara Ní Choinn agus Máire Bhreathnach

Tá an dlíodóir aitheanta Niall Murphy scaoilte amach as an otharlann agus é anois ar ais sa bhaile i gcuideachta a theaghlaigh. Chaith sé ceithre seachtaine i gcúram na hotharlainne ag troid ar son a bheatha i ndiaidh dó COVID-19 a tholgadh.

Agus é athaontaithe arís lena bhean chéile Marie, agus leis triúr clainne s’acu atá 12, 11 agus 7 mbliana, thug an tUasal Ó Murchú ómós do na haltraí agus na dochtúirí in Otharlann Cheantar Aontroma a thug cath lena bheatha a shábháil. Dúirt sé gur eispéireas “umhlaithe agus spreagúil” a bhí ann a bheith ina fhinné ar ghairmiúlacht agus díograis na n-oibrithe sláinte.

“Tá mo mháthair féin an-chráifeach agus le linn an ama bhí sí ag guí chun Dé go mbeadh na haingil do mo chosaint sa leaba. Agus chosain: b’shin na dochtúirí, na haltraí, na fisiteiripeoirí agus an fhoireann ar fad ag an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte.”

Glacadh Niall Murphy isteach chuig Otharlann Cheantar Aontroma ar an 25 Márta.

“Bhí mé i gcóma ar feadh 16 lá, i ngan fhios dom féin dar ndóigh, ach d’iompar mo theaghlach an tromualach.

“Cuireadh comhairle ar mo bhean chéile oíche amháin go raibh seans 50/50 ann go dtiocfainn slán as.

“Tá mé go díreach ag fáil tuiscint anois ar an tsáinn ina raibh mé ach b’éigean do mo bhean chéile is mo theaghlach mairstean trí sin i bhfíoram,” a dúirt an comhpháirtí sa dlíghnólacht iomráiteach KRW Law i mBéal Feirste.

Ag tús Mhárta, ghlac sé páirt i sraith cainteanna rannpháirtíochta thar lear agus tá sé den bharúil gur tholg sé víreas am éigin le linn an turais seo.

“Thug an Coiste Féineachais cuireadh dom dul anonn go Nua-Eadharc le labhairt ag dinnéar Lá Fhéile Pádraig Dé Máirt 10 Márta.

“Bhí roinnt coinní eile agam thar ceann an ghrúpa ‘Todhchaí na hÉireann’. D’eitilt mé ó Ghlaschú go Nua-Eadhrac, áit a raibh coinní comhchosúil agam, agus bhí mé measartha tuirseach ar an eitilt ar ais go Baile Átha Cliath.

“Measaim gur tholg mé é sa tacsaí chuig an aerfort, san aerfort nó ar an eitleán féin.”

Ar filleadh chun abhaile dó Déardaoin 12 Márta, chuaigh sé díreach ar ais chun na hoibre agus an lá dar gcionn chaith sé an lá in oifig KRW Law.

An oíche sin, Dé hAoine 13 Márta, bhí oíche mhór i ndán dó ina ról mar leas-Chathaoirleach ag Cumann CLG Naomh Éanna.

Bhí oíche chéiliúrtha eagraithe ag an chumann i ndiaidh dóibh Craobh Idirmheánach Uladh a bhaint.  Cuireadh an ócáid ar ceal 24 uair an chloig roimh ré áfach de thairbhe buaireamh a bheith ann faoi bhagairt COVID-19.

Thacaigh Niall leis an chinneadh é a chur ar ceal i ngan fhios dó go mbeadh a shaol féin i mbaol.

“Bhí lá iomlán agam sa chúirt chomh maith le roinnt comhairliúchán agus páipéarachais le críochnú.

D’fhág mé an oifig agus bhailigh mé béile Síneach le tabhairt abhaile liom.

“Nuair a shuígh mé síos fá choinne dinnéir i dtrátha a 8 a chlog níor mhothaigh mé 100%. Ag dul a luí dom bhí a fhios agam nach raibh mé ar fónamh ach ghlac mé leis gur bhain sé leis an mhéid saothair a bhí idir lámha agam an tseachtain roimhe sin agus go ndéanfadh oíche mhaith chodlata maitheas dom.

“Maidin Dé Sathairn 14 Márta, bhí teocht s’agam ardaithe go 40, bhí a fhios agam go mbeadh orm féinleithlisiú a dhéanamh, rud a rinne mé.  Bhí an t-am seo uafásach ann féin. Níor chorraigh mé den leaba agus ní raibh mo ghoile agam ach an oiread. Ní raibh mé in ann an teocht s’agam a isliú.

“Choinnigh dochtúir an Chumainn i Naomh Éanna, Dermot Maguire, súil ghéar orm le linn an ama seo ach faoi dheireadh chuir sé comhairle orm dul chun na hotharlainne cionn is nach raibh na siomptóim ag imeacht uaim.”

Chuaigh Niall chuig an otharlann áitiúil tráthnóna Dé Céadaoin, 25 Márta. Fuair sé amach go deimhneach go raibh COVID-19 air agus aistríodh é chuig aonad dianchúraim na hotharlainne. Is ansin a cuireadh i gcóma spreagtha i leaba aerálaithe é.

Bhí drochbhail ar a shláinte.

“Ní raibh mé ariamh tinn agus níor chaith mé tréimhse san otharlann ach an oiread seachas le gortuithe spóirt agus nuair a saolaíodh na páistí - ní raibh barúil agam faoin dóigh a bhfeidhmíonn otharlanna.

“Tuigim go rímhaith anois. Agus tú san aonad dianchúraim tá gach rud á bhainistiú ag an fhoireann agus do chorp féin ar éagumas. Tugann siad dínit ar ais do gach uile othar, tá sé iomlán spreagúil agus mothaíonn tú níos umhaile dá bharr.”

Throid Niall cath aonair uaigneach sna chéad 16 lá eile. D’fhan a bhean chéile, Marie, go foighdeach taobh leis an ghuthán le huasdátuithe a fháil ón otharlann. Bhí laethanta ann nuair nach raibh mórán le tuairisciú, ach go raibh droch-chaoi chriticiúil go fóill ar Niall.

Ag pointe áirithe, d’inis na dochtúirí di go raibh seans 50-50 aige le teacht slán as an tsáinn.  

Spréadh an nuacht gur bualadh breoite an dlíodóir atá 43 bliana d’aois.

Lasadh coinnle i mbailte fud fad na hÉireann in ómós do Niall, Marie agus a bpáistí.

Chuir Mark Thompson ón ghrúpa feachtasíochta “Relatives for Justice,” an feachtas “Litir do Niall” ar bun. Tháinig na céadta freagra isteach ó fud fad na cruinne, ó dhaoine a raibh aithne acu air agus iad siúd nár casadh air ariamh.

Scríobh iar-bhall foirne de chuid Ted Kennedy, Trina Vargo:  “Tá cuid mhór daoine ag smaointiú fút agus ag guí ar do shon, fiú amháin mo mhacasamhail nach bhfuil aithne agam ort go pearsanta. Tá ardmheas agam ar do bhuanseasmhacht chun cuidiú le daoine eile. Tugaim dea-bheannachtaí duit agus rachaidh muid i múinín an dóchais go dtiocfaidh biseach ort.”

Sheol an láithreoir BBC, Clare McDonnell, atá lonnaithe i Londain giolc ag rá:  “Níl a fhios agam cén fáth ach lean mé scéal Niall Murphy ó cuireadh san otharlann é, b’fhéidir mar gheall go bhfuil teaghlach agam i dtuaisceart na hÉireann nó go raibh sé ar dhuine de na céad daoine a tholg an víreas.”

Agus sa ráiteas ó KRW Law, dúirt Kevin Winters:

“Baineadh stangadh asainn uilig gur leag COVID fear mór athléimneach mar atá Niall. Léiríonn sé nach ndéanann an galar seo idirdhealú idir duine ar bith. Bhí an íomha de Niall ag teacht slán as an aonad dianchúraim in Otharlann Cheantar Aontroma ar cheann de na sealanna ba shuntasaí dár nglúin.

Fánfaidh an íomha mhothúchánach sin i mo chuimhne go deo, é ag teacht amach le hórdóga in airde go dúshlanach aige agus lúchair agus faoiseamh le brath ar aghaidheanna na n-oibrithe sláinte. Níl aon amhras orm ach gur thacaigh deathoil an mhórphobail dhomhanda leis agus gur chuidigh na teachtaireachtaí go mór le Niall agus a theaghlach teacht trí na laethanta gruama duairce. Ba léir ó na foinsí tacaíochta go léir a bhí ann do Niall agus é i mbun troda i gcoinne an víris ghránna seo go raibh daoine ag tarraingt le chéile beag beann ar theorainneacha polaitiúla nó eile. Is oidhreacht an-dearfach é seo measaim i rith géarchéim thubaisteach den chineál seo.”

Thosaigh Niall ag bisiú de réir a chéile le linn thréimhse na Cásca. Tiontaíodh é ar ais ar a dhroim arís i ndiaidh dó a bheith sínte ar a bhrollach le go mbeadh a chuid scamhógaí in ann troid i gcoinne an víris.

Aoine an Chéasta, aistríodh Niall amach as an aonad dianchúraim agus na haltraí agus na dóchtúirí a thug cúram dó ag tabhairt bualadh bos mór dó. Roinneadh fiseán den aistriú ar na meáin shoisialta, agus duine amháin ag rá gur “Aiséirí Cásca Néill” a bhí ann.

Tá an dlíodóir ar ais ina bhaile féin anois ach tá bóthar fada roimhe go mbeidh ar a sheanléim arís. Labharann sé ina ghnáthstíl phaiseanta áfach agus é ag machnamh ar dhíograis na foirne ag an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte a tharrtháil a bheatha.

“Dá mbeinnse féin i m’altra agus Matt Hancock ag tairiscint suaitheantas dom, thabharfainn báta is bóthar dó. Sa Fhrainc, tugadh €1,500 breise do na hoibrithe sláinte. Ba chóir sin a dhéanamh láithreach. Chan suaitheantas a ófráil.

“Ba chóir náire a bheith orainn féin mar shochaí faoin dóigh a gcaitheann muid leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus faoin infheistíocht a chuirtear ar fáil dó. Ba cheart náire a bheith orainn go raibh ar na haltraí dul ar stailc i ndúlaíocht an gheimhridh le cothroime tuarastail a fháil,” ar seisean.

“Tá na daoine seo ar comhchéim leis na foirne dóiteáin a dheifrigh isteach sa Dá Thúr ar 9/11 ach iarradh orthu dul i ngleic leis an ghéarchéim seo agus easpa trealaimh cosanta phearsanta orthu. Is mór an peaca é.

“Cuimhnímis ar an rialtas reatha a vótáil i gcoinne ardú tuarastail d’oibrithe na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte. Is cuma cá mhéad focal mílis a thiocfaidh amach as béal Bhoris Johnson faoin aire mhaith a tugadh dó (agus, go híorónta, ó altraí a mbeidh fadhbanna acu ó thaobh cearta cónaithe de i ndiaidh Brexit), níor cheart sin a ligean i ndearmad. Ba chóir don rialtas ardú pá a thabhairt isteach láithreach bonn agus struchtúr tuarastail inbhuanaithe a chur i bhfeidhm.  Ar a bharr sin ba cheart deireadh a chur le hiasachtaí dochtúirí a oibríonn don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte.

“Cad é mar a d'íocfaí as seo? Simplí. Ghearrfaí níos mó cánach ar lucht an rachmais.”

Tá an sean-Niall Murphy ar ais inár measc. 

Aimsigh an scéal ar www.thedetail.tv

Close
Close