Ciarán Ó Pronntaigh
B’fhéidir go ndearna muid dearmad cad chuige a raibh ríthe ann an chéad lá. Le teacht i dtír ar an ghnáthdhuine, ar ndóigh, an ról a bhí acu. Bhí dlíthe acu a rialaigh gach gné de shaol an duine. Ní raibh cead againn fianna a sheilg san fhoraois, mar shampla, nó dar leis an rí, b’fhoraois ríoga í. Mhúch siad na seansanna a bheadh againn rudaí a dhéanamh as ár stuaim féin agus rinne siad seirfigh dínn, daoine nach raibh de cheart acu ach a bheith ag obair ar son na scothaicme. Ní raibh cead ag seirfigh imeacht óna gceantar dúchais, fiú.
Tharraing na ríthe, agus an scothaicme a thacaigh leo, na cumhachtaí seo chucu féin sa dóigh go dtiocfadh leo dúshaothrú a dhéanamh orainn maidir le hobair, maoin an tsaoil agus, in amanna, i gcúrsaí gnéis. Ní haon iontas go bhfuil billiúnaithe an domhain ag glacadh an róil sin chucu féin na laethanta seo, mar a léirítear i gComhaid Epstein. An t-iontas atá ann gur tháinig cuid ar bith de seo amach.
An chéad rud nach miste a lua ná gur ainm mí-oiriúnach é Comhaid Epstein. Tugann sé le fios gur duine amháin ba chúis leis an iomlán, drochdhuine i measc dream soineanta. Ba dhaoine iad a bhí mór le héigneoir páistí, éigneoir ar an mhórchóir, i ngan fhios dóibh féin, mar dhea. Má tá rud le foghlaim ó scannal Epstein is ea gur úsáid drong choireachta an stádas agus an mhaoin a bhí acu le comhcheilg phéidifileach idirnáisiúnta a reáchtáil. Tarlaíonn, go bhfios dúinn, gur daoine iad siúd á bhí, nó atá, i gcumhacht orainn, bealach amháin nó bealach eile.
Bíonn comharthaí sóirt lena leithéid de chomhcheilg. An chéad rud an chomhcheilg féin a chosaint agus na baill atá páirteach a choinneáil ar shiúl ó na ceannlínte. Agus go dtí an bhliain 2008, d’úsáid Epstein agus a chomhghleacaithe a stádas le héalú ón dlí. Fiú nuair a rugadh ar Epstein an iarraidh sin, d’ainneoin líon ard cailíní óga ar thug sé mí-úsáid dóibh, ní raibh de phionós air ach seal beag príosúnachta i gcampa saoire le cead imeachta beagnach gach lá. Samhlaigh an t-olc a chuir sé seo ar na páistí a tháinig slán as an éigniú a d’eagraigh sé agus fios acu amach anseo gur mó an seans go dtabharfaí an chluas bhodhar dóibh ná a mhalairt.
Mar an gcéanna le Andrew Mountbatten-Windsor an taobh seo den Atlantach, bhí na húdaráis rud beag fadálach aon rud a dhéanamh, d’ainneoin na líomhaintí. Thuig na péas an ról s’acu: ní féidir an dlí a chur ar an bhunaíocht. Ní sa Bhreatain amháin a tharla a leithéid. Tá drogall fós ar na Gardaí iomlán eolais a scaoileadh faoi na carranna a thug cuairt ar theach Louis Mountbatten, uncail mór Andrew Mountbatten-Windsor, i Sligeach, sa chéad seo a chuaigh thart, agus é ag déanamh mí-úsáid ar bhuachaillí as áras leanaí Kincora.
Bíonn gné eile lena leithéid de chomhcheilg. Duine ar bith a bhíonn páirteach i mí-úsáid páistí eagraithe, bíodh geall go mbeidh grianghraif agus físeáin ag na heagraithe. Coinníonn seo gach duine faoi smacht sa dóigh nach scaoilfidh siad an scéal ach bíonn deiseanna dúmháil ann, chomh maith. Rinne an t-iriseoir Chris Moore taighde ar chás Kincora agus thuairiscigh sé gur úsáid MI5 gníomhaíochtaí gránna dílseoirí san áras leanaí seo le go mbeadh siad ábalta iad a ‘stiúradh’ le linn na coimhlinte. Cá bhfios cá mhéad duine a fuair bás mar gheall air sin. Níl aon dabht orm go bhfuil ‘maoin dhaonna’ á stiúradh ar an dóigh chéanna sa chás seo cionn is go bhfuil ‘kompromat’ i seilbh gníomhairí stáit, cibé stát nó stáit atá i gceist.
Ní hé seo an cur síos atá le sonrú mórán ar na meáin faoi láthair. Tá ról eile acu. Is é sin leis an phobal a shuaimhniú le nach gcaillfidh siad muinín iomlán in údarás an stáit. I gcás Shasana, is é an leagan amach atá ann go ndéanfar ceap milleáin d’Aindriú leis an aird a dhíriú ar shiúl ón chuid eile den Teaghlach Ríoga. Sin an teaghlach ríoga a thug airgead mór le Virginia Giuffre a dhíol ina cás in éadan Aindriú.
Tá ceisteanna le cur chomh maith faoi ról Peter Mandelson, duine eile atá thíos le líomhaintí Epstein, sa phlota le fáil réitithe de Jeremy Corbyn mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre. Nó níos faide siar, chuig a ról conspóideach mar státrúnaí sna sé chontae, go háirithe i mbunú an PSNI.
Téann an t-uisce faoi thalamh go domhain sa scannal seo agus beidh le feiceáil cá mhéad den fhírinne a thiocfas chun solais amach anseo. Ach tá rud amháin fíor, is beag an éisteacht a thugtar do na daoine a d’fhulaing, na páistí agus na mná a ndearnadh gáinneáil orthu, go háirithe má tá fir chumhachtacha i gceist.



