Ag súil, a rún

Louise Smith

“An bhfuil tú ag baint sult as a bheith ag súil?”

Is ceist í sin a chuala mé níos minice ná mar is féidir liom a rá agus mé ag iompar cúpla.

“Tá cinnte,” a deirinn le miongháire mór.

Agus bhí.

Bhain mé sult as a bheith ag dúil leis na leanaí a fheiceáil, le bheith i mo mháthair, bhí mé ar bís i bhfírinne.

Ach in amanna, i mo chloigeann beag tuirseach féin, bhí guth ciúin ag cur ceisteanna eile:

“Aidh, cé acu cuid a bhfuil mé ag baint an oiread is mó suilt as: easpa codlata; mo chuid mothúchán a bheith ar fad trí chéile; pianta i mo dhroim, mo mhéara agus in áiteacha eile nach iad; nó mo chuid éadaí ag éirí ró-bheag domh gach aon seachtain? Tá sé deacair a thomhais.”

Ní shílim go mothaíonn mná atá ag súil le leanbh go hiomlán compórdach gearán a dhéanamh de ghnách mar gur ábhar áthais agus eachtra éachtach atá ann a bheith ag iompar clainne.

Gach uile lá nuair a bhí mé ag súil, agus ag smaoineamh go raibh beirt iomlán nua á cruthú istigh ionam féin, mhothaigh mé gur fíor-mhíoriúilt a bhí ann agus bhí mé buíoch beannachtach go raibh mé toireach ar an chéad dul síos.

Ach ní sin le rá nach raibh sé deacair in amanna.

An rún mór

Ag tús na tréimhse toirchis ar ndóigh ní bhíonn an deascéal ar eolas ag duine ar bith lasmuigh den chiorcal muiníne.

Bíonn sé sin éasca go leor a láimhseáil go dtí go dtagann cóisir nó imeacht sóisialta eile ag a mbeifeá ag ól de ghnách.

I mo chás féin, ceolchoirm Guns N' Roses i mBaile Shláine a bhí i gceist.

“Cad chuige nach mbeadh cúpla deoch agat?”, a d’fhiafraigh mo chairde ollscoile díom. 

Cé go raibh bréag bheag bhán iontach réidh agam dóibh – go raibh ionfhabhtú scornaí orm agus go raibh mé ag glacadh antaibheathach – níl a fhios agam ar chreid siad mé.

Seans gur lig mé an cat as an mhála agus mé ag scairteadh liricí “Knockin on heaven’s door” amach os ard mar a bhí gach duine eile.

Bhí an scornach ag feabhsú go gasta.

Bhí fadhb bheag eile agam i dtaca leis an chur i gcéill seo.

Fuair mé leid bheag go luath go raibh níos mó ná leanbh amháin ag teacht sular dúradh linn san ospidéal.

Bhí bolg borrtha le feiceáil orm rud beag níos luaithe ná mar a deir an t-eolas go mbeadh.

Bhí a fhios agam go mbeadh sé deacair an rún a choinneáilt.

D’úsáid mé aipeanna éagsúla a chuir in iúl domh go seachtainiúil faoi na hathruithe a thiocfadh liom a aithint i mo chorp féin agus faoi na forbairtí a bhí ag tarlú leis na leanaí.

Chuidigh an t-eolas seo go mór liom, go háirithe nuair a bheadh stoirm thobann mhothúchánach ann.

Nuair a thug an aip le fios domh go raibh na hormóin ag súgradh le mo chloigeann an tseachtain áirithe sin, mhothaigh mé nach raibh mé craiceáilte ar fad.

Scaoileadh an rúin

Bhí faoiseadh agus áthas orm nuair a tháinig an scanadh ag 12 seachtain agus muid in ann a rá go poiblí go raibh mé ag iompar cúpla.

Bhain mé an-sult as dhá gheit i ndiaidh a chéile a bhaint as cairde.

“Tá scéal agam duit,” a deirinn le sos beag, “tá mé ag súil.”

Ansin, munar léirigh siad go leor iontais sa chéad chuid d’éirigh leis an dara píosa nuachta freagairt mhaith a fháil i gcónaí.

De réir mar a scaipeadh an scéal, bhí deis ag na haintíní a rá go raibh a fhios acu cheana féin, gur aithin siad go raibh cuma thuirseach, nó tinn orm, nó gur chuir mé meáchan orm.

Bíonn sé i gcónaí deas na rudaí sin a chluinstin!

Bíonn a heispéireas féin ag gach aon bhean atá ag iompar ar ndóigh, agus ní thuigeann duine ar bith tréimhse thoirchis mar is ceart go dtí go dtéann sí féin fríthi.

Nuair a bhí mise ag súil, chuir sé iontas orm an oiread athruithe coirp agus mothúchánacha a théann bean fríd sa tréimhse sin. 

Luaigh mé an t-ól níos luaithe, ach níor mhothaigh mé uaim é ar chor ar bith.

Ba é an easpa fuinnimh don aclaíocht a chur isteach ormsa.

Lean mé orm le ranganna spin go dtí gur léir nach raibh mé in ann dóibh níos mó.

Ar an lá cinniúnach sin, bhí orm sleamhnú amach as an rang, leath bealaigh fríd ag admháil liom féin go raibh athrú mór le teacht.

Fill, fill a rún ó 

Tosaíonn na hathruithe fisiciúla luath go leor sa tréimhse thoirchis.

Nuair a bhí mé ar tí cúpla a bheith agam, d’éirigh mé mór, mall agus míchompórdach, mar a bheifeá ag dúil.

Anois, níl mé ag rá go raibh mé go hiomlán sásta leis an chorp a bhí agam sula raibh mé ag súil, ach ar a laghad bhí taithí agam air agus ar a aiteas beag féin.

Sula raibh mé ag súil, bheinn i gcónaí dian orm féin ag rá go gcaithfidh mé meáchan a chailleadh.

Tuigim anois agus mé ag déanamh mo sheacht ndícheall na héadaí roimh-mháithreachais a chur orm arís, go raibh corp breá agam.

Ní raibh mé ariamh i m’ábhar mainicíne ach is léir go raibh dul amú orm go raibh mórán meáchain le chailliúint. 

Cuidíonn na frásaí coitianta a chluintear le linn na tréimhse toirchis fosta, “Tá tú iontach néata,” “Tá tú i mbláth na sláinte”, “foireann sé duit”, agus an ceann is fearr liom “níl ort ach bolg na bpáistí”.

Chuala mé gach ceann acu agus chuidigh na daoine cineálta go mór liom ag an am. 

Níl sa tréimhse thoirchis ach an chéad chéim i mo shaol mar mháthair úr.

Sa 10 seachtaine a bhfuil na leanaí ar an saol, ní bhfuair mé mórán codlata agus is cinnte go bhfuil go leor oícheanta fada eile romham. 

Ach tá rud éigin níos fearr ná trí uair codlata a fháil i ndiaidh a chéile, rud atá níos fearr fiú amháin ná an clúdach bán dearg le “mamaí” scríofa air a fuair mé inné do Lá na Máithreacha, cé gur mhothaigh mé áthas as cuimse nuair a chonaic mé é.

Is é an rud a chuireann gliondar ar mo chroí ná aoibh an gháire a fheiceáil ar aghaidheanna mo chuid iníonacha.

Is fiú gach pian, gach punt breise agus gach comhartha eile toirchis é meangadh gáire amháin.

Close
Close