10 mbliana de 'Blas Ceoil'!


Tá Blas Ceoil an BBC 10 mbliana ar an fhód. 

Rinneadh ceiliúradh ar an éacht seo le clár speisialta ón tSeaneaglais i nDoire, agus scoth na gceoltóirí i gcuideachta Lynette Fay, ina measc Liam Ó Maonlaí, Gráinne Holland, The Rapparees, Paul Tully, Emma Langford, Eimhear Mulholland agus Jack Warnock.

Le 10 mbliana anuas tá Blas Ceoil ag cur tús spleodarach leis an deireadh seachtaine le scoth an cheoil.

Cuireadh tús leis an tsraith ceoil ar an telifís, ar an raidió agus ar líne ag aon am amháin, rud a bhí thar a bheith ceannródaíoch ag an am.

Mar chuid den tsraith teilifíse thaistil Lynette Fay agus Karen Kirby ar fud Chúige Uladh agus níos faide i gcéin, ag craoladh beo ó chuid de na tithe tábhairní agus ionaid is clúití ó thaobh an cheoil de agus ag cur ceoltóirí de bhunadh na háite i láthair.

Bhí sé i gcónaí mar sprioc ag Blas Ceoil ardán a thabhairt do cheoltóirí úra, is cuma cén stíl cheoil, agus misneach agus spreagadh a thabhairt daofa, rud atá á dhéanamh go fóill ag Lynette gach Aoine ag 7in ar BBC Raidió Uladh.

Bhí ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i láthair ag an chraoladh spesialta i nDoire agus chuaigh sé siar ar bhoithrín na smaointhe le Lynette agus Karen, atá anois ina heagarthóir ar BBC Gaeilge.

Close
Close