1,000 lá gan Stormont: an dtiocfaidh sé ar ais?

Ciarán Ó Pronntaigh

An cuimhin leat an chomhlitir a scríobh Arlene Foster agus Martin McGuinness i mí Lúnasa 2016, go luath i ndiaidh reifreann an Bhreatimeachta?

“Oibrímis le chéile ar mhaithe leis an phobal” an teachtaireacht réasúnta a bhí ann, i mbeagán focal. Ag amharc siar anois, tá an chuma ar an litir sin go mbaineann sí le ré eile, ré giota beag níos soineanta ná an ré chorrach ina bhfuilimid anois.

Is comhartha sóirt maith í an litir chéanna ar an dóigh ar athraigh rudaí ó shin agus an seans go mbeidh feidhmeannas feidhmeach in Stormont go luath. Míle lá ó shin, an Domhnach seo a chuaigh thart, thug Martin McGuinness le fios go raibh sé ag iarraidh as agus go mbeadh an rialtas ó thuaidh ar fionraí.

Ní racht feirge a bhí i gceist leis an chinneadh seo. A mhalairt ar fad a bhí ann, i ndáiríre. Bhí an liosta gearán ag carnadh leis i rith an ama – easpa Acht na Gaeilge, ar ndóigh, diúltú don phósadh comhghnéis agus gan plean le déileáil leis an am a chuaigh thart, i measc rudaí eile. Is cuimhin le cuid againn go fóill an cur chuige a bhí ag an DUP beag is fiú a dhéanamh den teanga ar bhonn laethúil. Scor dheontas Líofa, mar shampla, nó cén dóigh ar mhaith leat do yoghurt déanta?

Bhí idir imní agus olc ar lucht vótála Shinn Féin faoin dóigh ar caitheadh leo agus bhí an fhearg sin ag imirt tionchar ar thacaíocht an pháirtí féin. An cheist a bhí acu ag an am an raibh Sinn Féin rófhoighdeach agus rómheasúil nó an raibh bob á bhualadh orthu ag an DUP? Cibé scéal, bhí deis éalaithe ag na poblachtaithe nuair a dhiúltaigh Arlene Foster seasamh siar ar feadh tamaill le ligean d’fhiosrúchán ar RHI tosú.

Seans gur míléamh ar pháirt Foster a bhí ann ach nuair a rinneadh an cinneadh ba dhoiligh dul siar air gan bunathruithe suntasacha. Cinnte, rinneadh iarracht teacht ar chomhréiteach i mí Feabhra 2018, ach, ag an bhomaite deiridh, caitheadh i dtraipisí é. Ní raibh Arlene in inmhe a páirtí féin a thabhairt léi ar cheist Acht na Gaeilge.

Thiocfadh a rá gurbh é eite Westminster an DUP agus na rudaí a bhí ag tarlú thall a chuir deireadh le cibé dóchas a bhí ag daoine go n-éireodh leis na cainteanna a bhí ag tarlú ó am go chéile. Bhí tacaíocht ó fheisirí an DUP de dhíth ar May agus bhí praghas le híoc as sin. Cén fáth a mbeadh comhghéilleadh de dhíth ar an DUP nuair a bhí ag éirí leis na feisirí in Westminster? B’éigean do rialtas May an DUP a choinneáil ar bord agus ba phatuar an bhaint a bhí ag an státrúnaí Karen Bradley sa phróiseas.

Faoin am sin, bhí ceist níos práinne ag dó na geirbe ag na páirtithe, ar ndóigh, an Breatimeacht. Ba róshoiléir a bhí sé le teacht gach lae go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ag dul a bheith ina thubaiste do na sé chontae ach ní raibh an DUP sásta le comhréiteach ar bith. Bhí daoine nár aontaigh lena chéile ar cheisteanna eile anois ar an taobh céanna ag rá gur chóir go mbeadh stádas faoi leith ó thuaidh sa dóigh nach mbeadh teorainn chrua ann. Agus sin an áit a bhfuilimid anois agus an míle lá gan feidhmeannas bainte amach againn.

Má táimid le hamharc chun tosaigh ar na seansanna go dtiocfaidh Stormont ar ais is den chiall go n-amharctar ar cén fáth a dtabharfaí ar ais é. Luaitear go minic an drochdhóigh atá ar an NHS agus cúrsaí oideachais mar chúiseanna le dul ar ais ach cén dóigh a dtiocfadh le Stormont na suimeanna a chur le chéile dóigh ar bith eile? Ciorruithe a tháinig isteach leis na Tóraithe is cúis leis an ghéarchéim.

Nó Breatimeacht? Cén dóigh faoi Dhia a ndéanfadh feidhmeannas cúrsaí níos fearr? Tá an DUP go dlúth in éadan aon bhogadh i dtreo comhlimistéir custam in Éirinn. Ní chuideoidh fóram nua leis na páirtithe anseo teacht ar réiteach nár thángthas air go dtí seo.

Is é fírinne an scéil go bhfuil todhchaí an fheidhmeannais agus todhchaí na síochána ag brath ar chainteanna atá ag dul ar aghaidh sa tollán sin sa Bhruiséil. Cibé socrú a thagann as sin, agus fiú mura dtagann réiteach ar bith, is scéal cinnte go mbeidh rialacha an chluiche athraithe ó bhonn anseo. An amhlaidh go mbeidh an chuma chomh seanchaite chéanna ar Stormont is atá ar chomhlitir Foster agus McGuinness anois?

Close
Close