Oideachas na hArdteiste - ceart agus cothrom?

Lisa Nic an Bhreithimh

An bhfuil oideachas ceart á fháil ag na mic léinn a dhéanann scrúduithe na hArdteistiméireachta?

Seo ceist a phléitear gach Lúnasa, nuair a chuirtear amach torthaí na hArdteiste, agus nuair a thugtar tairiscintí choláistí tríú leibhéil amach trí chóras an CAO.

An bhfuil athchóiriú ag teastáil? Má tá, an dtabharfar faoin athchóiriú sin go luath?

An tseachtain seo caite cuireadh amach torthaí Ardteiste na bliana timpeall ar Phoblacht na hÉireann agus arís, bhí idir dhíospóireacht is phlé ar siúl fúthu is faoin gcóras oideachais mar atá sé faoi láthair.

Luaitear cé chomh comórtasach is atá sé. Deirtear go múintear conas scrúdú a dhéanamh seachas cumas ceart san ábhar.

Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan gur córas cothrom é agus go bhfuil tuairim ann go forleathan go bhfaigheann mic léinn na gráid atá tuillte acu san Ardteist.

Déanann an chuid is mó de mhic léinn na tíre seacht n-ábhar don Ardteist i réimse ábhar ón eolaíocht go teangacha.

Rud eile a chuirtear in aghaidh na hArdteiste ná go bhfuil an oiread seo ábhar le déanamh acu agus gur beag mac léinn a n-éiríonn go maith leis in achan cheann.

Cuirimis é seo i gcomparáid le scrúduithe leibhéal A agus O de chuid Thuaisceart na hÉireann, ina ndéanann mic léinn staidéar níos déine ar líon níos lú ábhar – ábhair a bhfuil sé ar intinn acu úsáid i ndiaidh na scoile agus bíonn cumas níos fearr acu iontu siúd ag an deireadh, seachas cumas níos lú i réimse leathan ábhar.

Déantar céiliúradh chuile bhliain ar phríomhleathanaigh na nuachtán ar na mic léinn úd a fuair seacht, ocht nó naoi gcinn de A1- an grád is airde ina gcuid scrúduithe Ardteiste.

Rinne 54,025 mac léinn an Ardteist i mbliana agus mar chuid den ghrúpa sin, fuair níos lú ná 5,000 níos mó ná A1 amháin.

Sa chéiliúradh seo gach bliain, breathnaímid ar thuairim is 8% de mhic léinn na tíre – mionlach.

Labhraítear faoi na mic léinn ‘is fearr’ sa chóras seo.

Níl aon amhras go bhfuil ardmholadh tuillte ag an mionlach as a gcuid oibre, ach cén sórt oideachais atá faighte acu?

Is iomaí mac léinn a bhain A1 amach sa Ghaeilge agus nach bhfuil ábalta nó compórdach comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cloistear faoi dhaoine ag foghlaim aistí de ghlanmheabhair agus ag baint ardghráid amach as an gcuimhne seo – an bhfuil oideachas ceart le fáil san fhoghlaim de ghlanmheabhair?

Is minic a dhéantar glan dearmad ar ábhar na hArdteiste i ndiaidh na scrúduithe freisin – cad is fiú an t-oideachais gearrthéarmach sin?

Freastalaíonn go leor mac léinn ar chúrsaí i scoileanna dianteagaisc don chúpla lá d’oideachas príobháideach agus chun beart mór nótaí scrúdaithe a fháil.

Tá tuairimíocht ann más maith le mac léinn marcanna arda a bhaint amach, gur gá dóibh a leithéid a dhéanamh.

An oideachas ceart é seo? An ceart go mbeadh an deis bhreise seo ag mic léinn a bhfuil an t-airgead ag a gclanna íoc as seo?

Is éard atá i gceist ná tumoideachas costasach ar feadh cúpla lá agus nótaí a thugtar abhaile a úsáidfaidh an mac léinn níos mó ná a chuid nótaí féin nó nótaí a mhúinteora ón scoil.

Seo hiad ag brath ar fhoirmle scrúdaithe seachas ar a gcuid intleachta féin.

Ar ábhar eile, caithfear cuimhneamh ar mhic léinn faoi mhíchumas freisin.

Dar le tuarascáil a chuir Barnardos amach le déanaí faoin teideal ‘Written Out Written Off’ faoi mhíchothromaíocht shóisialta in oideachas na hÉireann, fágann 33% de mhic léinn le tuismitheoirí neamhoilte i mbun obair láimhe an scoil sula ndéanann siad an Ardteist i gcomparáid le 10% de mhic léinn le tuismitheoirí le poist ghairmiúla.

Fágtar iad le rogha i bhfad níos lú oibre ina dhiaidh sin dá bharr. An córas cothrom é seo?

Céard faoin iníon léinn a bhfuil ardtallann ealaíne aici nó an mac léinn a oibríonn go dian i gclub scoile?

Níl mórán pointí le fáil ar thallann neamhacadúil nó ar dhianobair ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Is cosúil nach bhfuil i gceist leis an Ardteist mar atá sí ach measúnú acadúil agus cuimhne, nach bhfágann mórán spreagtha do mhic léinn a bhfuil láidreachtaí éagsúla acu.

An oideachas uileghabhálach é seo?

Faoin am a fhoilsítear an t-alt seo beidh na tairiscintí CAO tugtha amach do mhic léinn – céim eile sa phróiséas a chuireann an-chuid brú ar mhic léinn agus a chuireann iad in iomaíocht mhór lena chéile.

Athraítear na pointí do na cúrsaí tríú leibhéal achan bhliain agus is in airde atá na pointí ag dul den chuid is mó, ag cur níos mó brú ar mhic léinn bliain i ndiaidh bliana dá bharr.

An bhfuil oideachas ceart agus cothrom á fháil ag mic léinn na hArdteistiméireachta?

Le múinteoirí, mic léinn is saineolaithe oideachais de shíor ag moladh athruithe ar an gcóras, tá an cheist fós ann agus beidh sí á plé ar feadh tamaill mhaith eile.

Close
Close