Ní páirc úr CLG atá de dhíth ar Bhéal Feirste

Ní páirc úr CLG atá de dhíth ar Bhéal Feirste
Páirc Mhic Ásmaint
Páirc Mhic Ásmaint

Conall Ó Máirtín

Dúirt Kevin Costner tráth, ‘Má thógann tú é, tiocfaidh siad’, agus sin díreach a tharla maidir leis an pháirc baseball a thóg sé féin ar fhéarthailte na Stát Aontaithe.

Ach an amhlaidh an cás le Páirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste agus an staid úr ar chostas £70 milliún?

Cé go bhfuil macasamhail ghleoite den staid nua le feiceáil faoi láthair i lárionad siopadóireachta in iarthar Bhéal Feirste, tá raic ann le muintir na háite agus Gaeil Chúige Uladh go fóill in amhras faoi.

Tá sé ráite ag CLG Chomhairle Uladh go ndéanfadh an pháirc úr na mílte a mhealladh go hiarthar Bhéal Feirste le bheith ag freastail ar na cluichí Gaelacha agus ceolchoirmeacha, go mbeadh an staid in úsáid le haghaidh cruinnithe agus ócáidí gnó sa chathair agus, ar cheann de na spriocanna is tábhachtaí dóibh, go ndéanfadh an staid úr seo difear ollmhór do rannpháirtíocht sna cluichí Gaelacha i mBéal Feirste.

Ar an drochuair ní aontaím leis an dearcadh seo ar chor ar bith.

Maidir leis an ghlúin úr a spreagadh i dtreo cluichí Gaelacha a imirt sa chathair, léiríonn taighde idirnáisiúnta atá déanta tar éis cluichí Oilimpeacha a bheith lonnaithe i dtír nach ndéanann staidiam mór difear ar bith do líon na ndaoine atá ag dul don spórt.

Cé go dtugann sé aird an phobail ar an spórt, ar feadh tamaill, ní spreagann coincréit agus staid páistí óga le dul i mbun spóirt.

Ní gá ach bheith ag amharc ar an sampla is déanaí, na cluichí Oilimpeacha i Londain, áit a bhfuil siad ag leagan cuid de na staideanna a bhí in úsáid acu.

Cén fáth seo? Mar go dtuigeann siad gurb é an rud a mheallann daoine óga le spórt a imirt ná traenálaithe sna scoileanna, áiseanna agus páirceanna imeartha dóibh, soilse a chur ar fáil agus butáisí a chur ar an talamh.

Mar sin ní fheicim an dóigh go dtig le Páirc úr Mhic Easmainn cúrsaí CLG a thiontú thart i mBéal Feirste.

Is léir ón bhua stairiúil a bhí ag iománaithe Bhaile Átha Cliath go nglacann sé fiche bliain ar a laghad d’obair ar an talamh chun rath contae a bhaint amach.

Rud a rinne lucht na príomhchathrach ná camáin a chur sna lámha, traenálaithe a chur ar fáil, an dian-obair a chur isteach chun glúin úr a spreagadh le Corn Bob O’Keeffe a bhaint. B’fhiú do CLG Chomhairle Uladh an dea-shampla seo a leanúint in áit bheith ag brath ar staid úr.

Cinnte, tá pobail láidir CLG i mBéal Feirste agus tá siad díograiseach ag iarraidh na cluichí a chur chun cinn ach go fiú nuair atá a gcontae féin ag imirt, ní thagann ach cúpla míle duine le tacaíocht a thabhairt d’fhoirne chontae Aontroma.

Cuir seo i gcomparáid leis na mílte a fhreastalaíonn ar chluichí baile Ard Mhacha, Thír Eoghain nó an Dúin mar shampla.

Mar sin de cén fáth a bhfuil CLG Chomhairle Uladh ag iarraidh ar na daoine sin taisteal isteach go Béal Feirste le freastail ar chluichí?

Tá sé ráite ag CLG Chomhairle Uladh go ndéanfaidh sé difear d’eacnamaíocht iarthar Bhéal Feirste.

Cinnte tá sé sin fíor ach nach bhfuil gá le feabhsú a dhéanamh in eacnamaíocht na mbailte taobh amuigh de Bhéal Feirste chomh maith?

Nach ndéanfadh staid ar an Ómaigh postanna a cruthú sa cheantar, postanna atá de dhíth. Nach gcuirfeadh staid in Ard Mhacha go mór leis an tionscal turasóireachta atá sa chathair ansin?

Is eagraíocht tuaithe é don mhórcuid CLG agus tá sé tábhachtach go gcuidíonn siad le eacnamaíocht na gceantar ar fad.

Ní gá d’achan rud bheith lonnaithe i mBéal Feirste.

Maith go leor tá bóithre, iarnróid, tithe ósta ann, ach tá sé mar an gcéanna i lár Chúige Uladh fosta.

Tá Iúr Cinn Trá ar an M1 idir Béal Feirste agus Báile Átha Cliath, tá Ard Mhacha díreach i lár na Cúige, rud atá fóirsteanach do lucht tacaíochta CLG.

Rud eile, níl mórán d’atmaisféar ann agus tú ag dul chuig cluiche i bPáirc Mhic Easmainn.

Téann tú ann sa charr, amharcann tú ar an chluiche agus díreach ina dhiaidh isteach sa charr agus ’na bhaile arís.

Agus plé á dhéanamh againn fán staid úr in Iarthar Bhéal Feirste, is scéal uafáis é an cur amú airgid atá déanta ag na heagraíocthaí spóirt anseo.

Ní amháin go bhfuil £70 milliún le bheith cáite ar Pháirc Mhic Easmainn ach tá staid úr bearthaithe ag Páirc Windsor.

Thiocfadh leat an liathróid a chiceáil ó Pháirc Mhic Easmainn trasna an bhealaigh mhóir chuig Windsor.

Ní amháin sin ach tá staid eile faoi lán seoil ag Ravenhill. Dá mbeadh Leigh Halfpenny agat, thiocfadh leisean an liathróid a chiceáil as Windsor isteach go Ravenhill.

Agus ganntanas airgid ann do na seirbhísí póiblí, seirbhísí sláinte agus scoileanna, tá an Rialtas agus na heagraíochtaí spóirt anseo chomh santach sin go bhfuil muid anois chun trí staid a thógáil uilig taobh istigh de limistéir cúig mhíle óna chéile.

Is náireach an scéal é nach raibh na heagraíochtaí spóirt ábalta theacht ar chomhréiteach fán dóigh is fearr le staid ildisciplíneach a thógáil.

I gcás Ard Mhacha de, tchím agus mé ag obair ann turasóirí idirnáisiúnta ag teacht ann ar mhaithe le turasóireacht chultúrtha.

Tagann siad ón Spáinn, ón Fhrainc agus ó Mheiriceá agus iad sa tóir ar scéal Naomh Pádraig, ag déanamh fiosruithe faoi ghinealach s’acu féin agus ag foghlaim faoi Chú Chulainn agus Eamhain Mhacha.

Tá sé de chiall domhsa gur cheart do cheannáras CLG bheith lonnaithe san áit inar thosaigh scéal na hiomána, san áit inar chaith Setanta sliotar san aer.

Má chuireann tú isteach sa scéal go bhfuil iarrachtaí ann leis an phríosún a thiontú isteach ina theach ósta, tá géarghá sa cheantar le hathghiniúint bheith déanta.

Thiocfadh le staid úr bheith mar chuid lárnach den athghiniúint seo.

Sa phacáiste céanna ba cheart an chultúrlann úr atá beartaithe bheith mar ghné den tionscadal iomlán chun saol úr cultúrtha agus eacnamaíochta a bhunú i bpríomhchathair stairiúil na hÉireann.

Close
Close