Tháinig na céadta daoine amach chuig páirc pheile CLG Pádraig Sarséil, Béal Feirste, ar na mallaibh, áit a raibh Bliotsa Iománaíochta ar son na Palaistíne ar siúl. Ba é an grúpa Gaels Against Genocide a d’eagraigh an ócáid agus ba é téama an lae ná ‘Páistí ag tacú le páistí’.
Ghlac 8 bhfoireann faoi 9 mbliana d’aois ó Bhéal Feirste páirt sa Bhliotsa: Pádraig Sairséil, Naomh Pól, Naomh Eoin, Lámh Dhearg, Gort na Móna, Ó Donnabháin Rosa, Naomh Gall agus Cumann Mhic Dháibhéid.
Cruthaíodh geansaithe nua don imeacht agus bhí na foirne uilig ag imirt faoi ainmneacha cathracha éagsúla in Gaza nó sa Bhruach Thiar.
Bronnadh dhá sheic ar John Hurson agus ar an Dr. Saeb Sha’ath, ceann amháin ar luach £15,000 ó Gaels Against Genocide agus ceann eile ar luach £3,200 ó Upper Andersonstown Community Forum. Cuirfear an t-airgead seo uilig i dtreo Aonad Máithreachais Soghluaiste in Gaza.
Bhí Michael Gerard Ó Dochartaigh i láthair mar Bhainisteoir ar CLG Pádraig Sairséil agus d’inis sé dúinn faoin dlúthpháirtíocht ar an lá leis an Phalaistín, agus cé go raibh iomaíocht idir cuid de na foirne, bhí siad uilig aontaithe ar son cúis amháin.
Labhair Meon Eile leis an Dr. Saeb Sha’ath arb as an Phalaistín é féin ó dhúchas agus atá ag obair anois le Palestine Aid. Dúirt sé go mbeadh an lá seo ina chuidiú ollmhór do na máithreacha sa Phalaistín, ní hamháin ó thaobh airgid de ach le léiriú dóibh agus don domhan mór go bhfuil tacaíocht agus dlúthpháirtíocht ann dóibh.