CLG Oirthear Bhéal Feirste - 5 bliana ag fás 

Tá CLG Oirthear Bhéal Feirste 5 bliana ar an fhód i mbliana.

Thosaigh sé uilig le Tweet amháin i mí na Bealtaine 2020 - cruthaíodh cuntas ar an ardán sóisialta le spéis an phobail i gclub nua CLG in Oirthear Bhéal Feirste a mheas agus fuarthas níos mó ná 500 ríomhphoist mar fhreagra! Idir dhaoine a d'imir agus iad óg, dhaoine a bhog go dtí an ceantar agus a bhí anois gan chumann, agus daoine eile a bhí nua don CLG, bhí bunús maith ann le tús a chur le club úr.

Anois tá foirne ann do gach aoisghrúpa, ó na ‘Gaeltots' do pháistí idir 18 mí agus 5 bliana d’aois agus an 'Academy' do dhaoine óga ó 6 go 14 bliana d'aois, ar aghaidh go peil na bhfear, peil na mban, agus foirne iománaíochta agus camógaíochta.

D'fhreastail Meon Eile ar sheisiún traenála de chuid fhoireann na mban ar na mallaibh ag páirc imeartha Henry Jones. Labhair muid le Bríd agus Neasa, beirt bhall bhródúla, faoina dtaithí leis an chlub go dtí seo.

Tá an obair a dhéanann an club ar son an phobail áitiúil ríthábhachtach. Níl dabht ar bith ach go bhfuil borradh faoi na cluichí Gaelacha agus faoin chultúr go ginearálta in Oirthear Bhéal Feirste, áit nach raibh sin amhlaidh i gcaitheamh na mblianta.

Is é mana CLG Oirthear Bhéal Feirste ná ‘Le Chéile’, rud a thugann le fios gur club é do dhaoine ó gach cúlra, aois agus creideamh, agus a léiríonn gur le cách iad na cluichí Gaelacha. Tá cúig bliana iontach curtha isteach ag an chumann agus is cinnte go mbeidh a thuilleadh fáis agus forbartha ann sna blianta atá le teacht.

Close
Close