Lá Fhéile Vailintín - rómánsaíocht nó raiméis?

Lá Fhéile Vailintín atá ann amárach, lá mór grá agus rómánaíochta le ceiliúradh a dhéanamh ar an duine speisialta sin inár saol.

Amárach beidh níos mo ná billiún cárta seolta ar fud an domhain. Beidh lánúnacha ar fud na cruinne ag dul le haghaidh béilí, beidh an chuid eile ag ceannach rósanna dearga agus boscaí seacláide.

Sin ráite, cuireann Lá Fhéile Valintín brú milltineach ar dhaoine chomh maith.

Le €80 ar rósanna, bialanna ag cur suas a gcuid praghasanna agus ag brú an méid daoine agus is féidir, an fiú é?

Cá mhéad a chaithfidh muid caitheamh ar ár ngrá geal le taispeaint go bhfuil sé nó sí tábhachtach dúinn? Ar chóir go mbeadh muid ag déanamh rudaí beaga daoibh i rith na bliana in áit rud ollmhór lá amháin sa bhliain?

Nach mbeidh na mná uilig ró-ghnóthach i mbliana agus iad ar fad sa phictiúrlann ag amharc ar ‘50 Shades of Grey’? Agus na fir chomh maith…

Labhair Meon Eile le beirt bhan faoi cheiliúradh Lá Fhéile Vailintín agus le fáil amach an rómánsaíocht nó raiméis é?

Lá Fhéile Vailintín
Close
Close