Cearta agus Comhionannas á éileamh do phobal na Gaeilge

Cearta agus Comhionannas á éileamh do phobal na Gaeilge

“Tá na hinstitiúidí atá leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht a chur chun cinn faoi ionsaí leanúnach.” Seo a dúirt Julian de Spáinn le linn an chruinnithe faoi chearta agus comhionannas don Ghaeilge i Hall na Saoirse, Baile Átha Cliath.

Os cionn 250 duine a d’fhreastail ar an ócáid Dé Sathairn a reachtalaíodh sna sála ar fhógairt éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Rinne an pobal sraith moltaí le linn an chruinnithe agus i measc na bpríomhthorthaí ón lá bhí an cinneadh le léirsiú mór ar son cearta teanga a eagrú Dé Sathairn 15 Feabhra.

Tugadh le fios le linn an chruinnithe gur tairiscíodh post an Choimisinéara do dhuine ar na maillibh ach gur dhiúltaigh an té sin glacadh leis.

Seo chugaibh achoimre ar chruinniú an tSathairn chomh maith le tuairimíocht an phobail ar chás na teanga.

Cruinniu
Close
Close