Cad iad na dúshláin roimh scríbhneoirí Gaeilge?

Rinne scríbhneoirí móra na Gaeilge cáineadh géar ar an tacaíocht stáit atá á cur ar fáil dá saothar ar na mallaibh.

Ag tús an fhómhair sheol grúpa scríbhneoirí cáipéis chuig Foras na Gaeilge ag léiriú imní fá thodhchaí na hearnála. Buairt fán mhéid ata i ndán don ghlúin úr scríbhneoirí ab ea príomhábhar imní na n-údar.

Bhí cúis cheiliúrtha seachas cúis chasaoide cois cuain an tseachtain seo nuair a tháinig an t-údar Alan Titley ó thuaidh lena shaothar ‘An Bhean Feasa’ a sheoladh.

Chuir an Dr. Fionntan de Brún agallamh ar an Uasal Titley faoina leabhar úr atá scríofa i bhfoirm véarsaíochta agus a insíonn scéal faoi bhean as Éirinn a crochadh i mBostún ach nár labhair ach Gaeilge le linn a trialach.

Labhair Meon Eile leis an bheirt acu fá thírdhreach na scríobhneoireachta Gaeilge mar a fheictear dóibh é…

Close
Close