Buaicphointí CLG na Bliana

Buaicphointí CLG na Bliana
An Clár - Liam McCarthy
An Clár - Liam McCarthy

Gráinne McElwain

Nuair a cuireadh ceist orm alt a scríobh faoi bhliain CLG a chuaigh thart, bhí a fhios agam nach mbeadh an spás agam chun gach rud a chlúdach ann.

Bliain peile agus iomána den scoth a bhí againn, go háirithe i gcursaí iomána. Tharla go leor ar nós Naomh Bríd (Ros Comáin) agus Naomh Tomás (Gaillimh) as Cúige Chonnacht ag buachaint craobhacha peile agus iomána na gclubanna don chéad uair.

Chonaic muid taispeántaisí maithe ó na foirne idirnáisiúnta sna rialacha idirnáisiúnta agus camánachta.

Tógfaidh sé alt eile ár ndóigh chun cur síos a dhéanamh ar an éacht a rinne mná Chorcaí chun Craobh Uile-Éireann a bhuachan don ochtú uair gan trácht ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chamógaíochta na hÉireann ag an séú iarracht.

Neart eachtraí agus ábhar cainte ach caithfidh mé na scéalta sin a choinneáil do lá eile.

Mar sin le hoíche mhór na nGradam Uile-Réalta ar siúl an Aoine bheag seo, is fiú féachaint siar ar na hócáidí is mó a sheas amach sa pheil agus san iomáint i mbliana.

Bhíodh an argóint ann go mba chóir fáil réidh le Craochacha na gCúigí agus tarraingt oscailte a chur ina áit.

Ach is dócha tar éis na bliana seo, ní dóigh liom gur féidir sin a dhéanamh mar chonaic muid cé chomh tábhachtach is atá sé do na himreoirí comórtas craoibhe a bhaint.

I gCúige Uladh, fuair Muineachán an lámh in uachtar ar sheaimpiní peile na hÉireann Dún na nGall sa chluiche ceannais agus chroch siad leo Corn an Anglo Celt don chéad uair ó 1988.

Bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na Mumhan don chéad uair ó 1996 agus nárbh iontach an radharc é na sluaite agus an ceiliúradh ina dhiaidh.

Níor lig Baile Átha Cliath síos muid i gCluiche Ceannais Iomána Laighean ach an oiread nuair a chríochnaigh siad níos fearr ná Gaillimh chun Corn Bob O’Keefe a bhuachan don chéad uair le 52 bliain. Foirne nua ag sú aitheantais nach raibh faighte acu le tamall.

San iomáint ag tús na bliana ní raibh mórán geall a bhí ag dul in aghaidh Chill Chainnigh, Tiobraid Árann nó Gaillimh chun a bheith i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Ach ina aineoinn sin, b’iad an Clár agus Corcaigh na foirne a bhí fágtha ann. Chonaic muid dhá chluiche den scoth idir an chéad chluiche a chríochnaigh ar chomhscór agus an athimirt le neart drámaíochta iontu.

Sa chéad bhabhta, bhí muid i ngreim ag an choimhlint nuair a chuir Pa Horgan an sliotar thar an trasnán do Chorcaigh agus iad a chur chun cinn don chéad uair sa chluiche agus an t-am caite ar an chlog.

Bhí ár gcroíthe ag preabadh do mhuintir an Chláir. An bhfaighidh siad deis eile? An mbeidh na déithe chomh cruálach sin orthu? Moladh mór don chosantóir Domhnall O’Donovan as an Chlár a fuair cúilín ina dhiaidh sin chun an cluiche a chothromú in am gortaithe. Léim muid le gliondar agus ansin lig muid osna, mar bheadh lá eile againn chun breathnú orthu.

San athimirt, ní dhéanfaidh éinne dearmad go deo ar Shane O’Donnell a fuair trí chúl taobh istigh de 19 nóiméad agus chríochnaigh sé suas le 3-3 ar an lá.

Cluiche an-iomaíoch a bhí ann le cúil den scoth ón dá thaobh ach bhí an lá leis an Chlár, rud nach raibh déanta acu le 16 bliain.

Táim cinnte go mbeidh na saineolaithe ag déanamh tagartha do na cluichí eipiciúla seo sna blianta amach romhainn.

Sa pheil, d’éirigh le Maigh Eo dul chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann arís agus iad ró-láidir d’aon fhoireann i gCúige Chonnacht. Agus cé go raibh siad maorga in aghaidh Dhún na nGall i mbabhta Ceathrú Ceannais na hÉireann, thóg sé píosa orthu dul i ngleic le Tír Eoghain sa chluiche leathcheannais.

Maidir le Baile Átha Cliath, bhí siad ag iarraidh an dara Craobh Uile-Éireann a bhuachan le trí bliana agus cé gur chuir Ciarraí faoi bhrú iad sa bhabhta leathcheannais, b’iad ionadaithe Átha Cliath a rinne an difear agus d’éirigh leo áit a bhaint sa chluiche ceananis.

Briseadh croíthe Mhaigh Eo arís le Baile Átha Cliath buacach agus ardaíodh go leor ceisteanna faoi Mhaigh Eo don bhliain seo chugainn arís ar nós ocrais agus cinnearachta.

Shocraigh James Horan fanacht bliain eile agus beidh le feiceáil an féidir leo Corn Mhic Uidhir a bhaint sa deireadh.

Le déanaí cuireadh na heachtraí spóirt ar fad i gcomhthéacs agus bhí clann CLG in éide bróin nuair a tháinig an scéal tragóideach amach faoi iománaí óg na Gaillimhe Niall Donohue a bhasaigh ag aois 22 bliain.

Is air siúd agus ar na himreoirí agus daoine eile atá imithe ar shlí na fírinne ó chlann CLG atá muid ag smaoineamh agus an Nollaig ag druidim isteach. Ar dhéis Dé go raibh a n-anamnacha dílse.

Close
Close