An bhfuil tusa réidh do ReelRobics?

Agus na scoileanna ar ais faoi lán seoil anois, seans go bhfuil tú ag smaoineamh ar rang nua a thriail i mbliana. Cad é faoi ReelRobics?

Is é atá i gceist le ‘ReelRobics’ ná damhsa gaelach measctha le haeróbaic chun damhsa nua spreagúil a chur ar fáil. Bhunaigh an damhsóir ó Bhéal Feirste, Christina McGrath Woods, ‘ReelRobics’ agus tá sí ag súil go mbeidh sí ag dul ar fud na cruinne leis. Na buntáistí a bhaineann leis ná bheith níos aclaí agus méachan a chailleadh, do mhatáin a dhéanamh níos láidre, níos mó muiníne bheith agat agus ar ndóigh casadh le cairde nua. D’fhreastail Sarah de Búrca ar rang ReelRobics chun fáil amach an raibh sí in ann aige!

ReelRobics / Sarah de Burca

Tá ReelRobics ar fáil i St. Bernard’s Pastoral Centre ar Bhóthar Aontrama, De La Salle Sports Complex in Iarthar Bhéal Feirste agus i Crescent Arts Centre i ndeisceart na cathrach. Le níos mó eolais a fháil, amharc ar an nasc thíos.

Close
Close