4,000 páirteach in agóidí frithchiníochais ó thuaidh

Os cionn 4,000 duine a ghlac páirt in agóidí frithchiníochais i mBéal Feirste agus i nDoire ag an deireadh seachtaine, de réir figiúirí PSNI.

Tháinig na hagóidí mar fhreagra ar mhéadú i líon na n-ionsaithe ciníocha ó thuaidh; fógáirt Anna Lo go raibh sí ag éirí as an pholaitíocht mar gheall ar mhaslaithe ciníocha; tréadaí protasúnach a dúirt gur síolraíodh Ioslám in ifreann agus ráiteas Peter Robinson nach mbeadh muinín aige as Moslamaigh ach chun a chuid siopadóireachta a dhéanamh.

Le linn na hagóide i mBéal Feirste, rinne cainteoirí ó chúlraí eitneacha éagsúla cáineadh ar imeachtaí na seachtaine seo caite agus lorg siad comhionannas dá bpobal…

4,000 páirteach in agóidí frith chiníochais i mBéal Feirste agus i nDoire
Close
Close