Foilsithe 24 Aib. 2015 I Cultúr agus Ealaíon

Inniu ar Bhosca Meon Eile tá muid i mbun comhrá faoi thatúnna. Leis na céadta anuas tá athrú tagtha ar an nós agus an traidisiún a bhaineann le tatúnna fud fad an domhain. San am a chuaigh thart bhí tatúnna mar pháirt de chultúr mhuintir na sean-Éigipte, Rómhánaigh agus muintir na Gréige.

Seo thíos tuairimí Sara Ní Churráin agus Feargal Ó Raifeartaigh ar thatúnna..

Tuilleadh >

Athléiriú ar scéal na nGael i dtréimse an Ghorta Mhóir

Foilsithe 23 Aib. 2015 I Cultúr agus Ealaíon

Daltaí Coláiste Feirste ag déanamh athleiriú ar Stair na Gaeilge
Daltaí Coláiste Feirste ag déanamh athleiriú ar Stair na Gaeilge

Hannah Ní Dhubhcháin

Tá athléiriú déanta ag daltaí Choláiste Feirste ar stair na nGael agus stair na Gaeilge le linn an Ghorta Mhóir. Tá ceithre chuid le dráma na bhFeirsteach – dírithe ar chásanna cúirte na linne, saol maireachtála na ndaoine agus córas oideachais ón tréimse úd.

Díríonn an dráma ar fhulaingt na ndaoine – daoine óga a ghabhadh as bia a ghoid agus brú an Béarla sa chóras scolaíochta.

Chuir na daltaí ceithre dhráma ar siúil ar an lá. Bhí ceann acu bunaithe ar chás cúirte, ceann eile a thug tuiscint ar cé chomh holc is a bhí gnáth shaol muintir na hÉireann ag an am agus iad ag iarraidh a gcuid tithe a choinnéal té agus bia a choinnéail ar an tábla,. Bhí dráma eile bunaithe ar chás cúirte, áit a fheiceann muid fear óg a ghoid bia ar mhaithe lena chlann a choinneáill beo, agus bhí an dráma deireanach suite i scoil, áit nach raibh beárla ar bith ag na scolairí ach gurb é an beárla a bhí a theagasc dóibh,

Is léiriú é seo ar mheath na Gaeilge i rith an ghorta mhóir agus rinne na scoláirí sár obair. Bhí Meon Eile ann ar an lá le fáil amach caidé mar a bhí ag éirí leo. Seo chugaibh buaicphointí na haisteoireachta chomh maith le caint óna haisteoirí agus léiritheoir an dráma…

Tuilleadh >

Cá seasann ról na mban i bpolaitíocht na treibhe?

Foilsithe 22 Aib. 2015 I Cúrsaí Reatha

Hillary Clinton

Tá ról na mban sa pholaitíocht i mbéal an phobail le Hillary Clinton ag fógairt a cuid spéise d’ainmniúchán an pháirtí dhaonlathaigh d’uachtáranacht na Stáit Aontaithe. Níos giorra don bhaile, tá toghcháin móra ar na bacáin ó thuaidh agus ó dheas. Cén fáth go bhfuil trí oiread fear san iomaíocht i dtoghchán an tuaiscirt agus beagnach 100 bliain imithe ó tugadh cead vótála iomlán do mhná? Tá an scéal cíortha ag Michaeline Donnelly…

Tuilleadh >

Athchóiriú Chumann Chluain Árd faoi lán seoil

Foilsithe 21 Aib. 2015 I Pobal, Cultúr agus Ealaíon

Athchóiriú Chumann Chluain Árd faoi lán seoil
Athchóiriú Chumann Chluain Árd faoi lán seoil

Fearghal Ó Maolagáin

Tá athchóiriú arbh fhiú £400,000 faoi lán seoil ar fhoirgneamh Chumann Chluain Árd in iarthar Bhéal Feirste.

Chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Infheistíochta na Gaeilge agus an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta maoiniú ar fáil don athchóiriú

Tá cáil nach beag ar an Chumann óna bhunú thiar i 1936 agus na céadta foghlaimeoirí Gaeilge ag teacht trí na doirse gach seachtain le freastal ar ranganna atá saor in aisce.

Tá ranganna an Chumainn bogtha go tuaisceart na cathrach fhad agus go bhfuil athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh an chumainn.

“Tháinig Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste chugainn. Dúirt siad linn go raibh siad ar tí foirgneamh nua a cheannach agus go mbeadh fáilte roimh na ranganna ansin.

Tá suas le 100 ann gach seachtain. Tá muid uilig in aon áit amháin d’aon chúis amháin, an Ghaeilge a choinneáil beo. Tá mé iontach tógtha faoin mhéid atá romhainn,” a dúirt Séamus.

Seo chugaibh léargas ar an obair atá a dhéanamh ar an fhoirgneamh.

Tuilleadh >

Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Eoghan Ó Ceannabháin

Foilsithe 20 Aib. 2015 I Cultúr agus Ealaíon

Corn
Corn

Shane Ó Curraighín

Tá Eoghan Ó Ceannabháin as Dún Droma i mBaile Átha Cliath ar an chéad bhuaiteoir ar Chorn Uí Chon Cheanainn, comórtas amhránaíochta ar an seán-nós do mhic léinn tríú leibhéal.

Eagraíodh an comórtas in omós do Chiarán Uí Chon Cheanainn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar an Satharn seo caite. Bhí Ciarán ina fhear léinn agus ina amhránaí clúiteach sular cailleadh é i 2009.

An bhliain sula bhfuair sé bás, bhí sé i measc na mbuaiteoirí is óige ariamh ar Chorn Uí Riada nuair a bhuaigh sé an corn clúiteach seán-nóis i 2008.

Trí dhuine dhéag a ghlac páirt sa chomórtas a eagraíodh ina onóir ar an Satharn seo caite. Seo chugaibh buaicphointí an chomórtais, chomh maith le caint ó chlann agus cairde Chiaráin faoin lorg a d’fhág sé ar shaol an tséan-nós…

Tuilleadh >

Ardscoil Naomh Pól ag rothaíocht ar son Ailse

Foilsithe 17 Aib. 2015 I Pobal

Rothaíocht ar son Ailse
Rothaíocht ar son Ailse

Shane Ó Curraighín, Hannah Ní Dhubhcháin

In Éirinn déantar suas le 30,000 cás nua d’ailse a dhiagnóisiú gach bliain. Táthar ag meas go n-ardóidh seo go dtí os cionn 40,000 in aghaidh na bliana faoi 2020.

Bhí feachtas ar siúl ag Ardscoil Naomh Pól, Co. Ard Mhacha, ar na mallaibh le hairgead a bhailliú agus airde a dhíriú ar ailse.

Ba é Bill Geoghegan an fear a d’eagraigh an t-imeacht rothaíochta 24 uair chun airgead a chruinniú ar son carthanachtaí ailse. Fuair athair Bill bás anuraidh agus bhí sé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar a shon.

Bhí Ardscoil Naomh Pól breá sásta cuidiú a thabhairt dó agus ghlac gach duine sa scoil páirt sa rothaíocht.

Dúirt Príomhoide na scoile, Jarlath Burns, go raibh gach duine sa scoil sásta bheith páirteach agus go raibh sé cosúil le dioscó nuair a chuaigh sé isteach sa scoil i lár na hoíche. Bhí 30 rothar ar siúl i rith an ama agus thiocfadh 30 eile a bheith ann leis an méid daoine a bhí ag fanacht le dul orthu.

Thóg siad níos mó na €6,000 ar an lá agus tá an t-airgead go fóill ag teacht isteach.

Mar a dúirt Jarlath, “Tá ailse ar cheann de na galair a leagann a lámh ar gach clann in Éirinn”, agus is fíor an ráiteas é.

Seo mar a chuaigh an lá…

Tuilleadh >

Barúil ón Bhocsa - Ar cheart páistí a bhualadh?

Foilsithe 16 Aib. 2015 I Cúrsaí Reatha

Barúil ón Bhosa - Ar Cheart Páistí a Bhuaileadh?
Barúil ón Bhosa - Ar Cheart Páistí a Bhuaileadh?

Ar bhosca Meon Eile na seachtaine seo tá muid ag cur ceiste a mbíonn cuid mhór tuairmí difirula faoi, "Ar cheart páistí a bhualadh?”

Rinne IPSOS MRBI suirbhé don Irish Times ar na maillibh inar fiafraíodh de thart ar 500 tuismitheoir an mbuaileann siad a gcuid páistí féin agus cé chomh minic a bhuaileann siad iad.

Dúirt níos mó ná leath de na tuismitheoirí a cheistíodh go mbuaileann siad a gcuid páistí. Tuismitheoir as deich gcinn a dúirt go mbuaileann siad a gcuid páistí go rialta nuair a bhíonn fearg orthu lena bpáistí. Beagnach leath dóibh siúd a ceistíodh a dúirt gur annamh a thógann siad a gcuid lámha.

Cén áit ina dtarraingtaítear líne agus smacht a chur ar rógaireacht, diabhlaíocht agus fiosracht na hóige?

Labhair muid le Siobhán Ní Chíobháin, bean óg nach bhfuil páisti aici go fóill ach a fuair cúpla boiseog nuair a bhí sí níb óige agus le Nóra Ní Raghallaigh atá ina tuismitheoir de thrí ghasúr agus a bhíonn ag obair le páistí gach lá le fáil faoi thuairim s’acusan i leith na ceiste…

Tuilleadh >

'Tuned in' ag tacú le daoine óga Chathair Dhoire

Foilsithe 15 Aib. 2015 I Pobal

tuned in
tuned in

Seán Ó Baoill

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Sin mar atá á dhéanamh ag lucht an tionscnaimh ‘Tuned in’ i nDoire Cholmcille.

Is tionscnamh speisialta é ‘Tunned in’ a thacaíonn le daoine óga, a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, tríd na healaíona.

Tá neart bainte amach ó thosaigh ‘Tuned in’ i Meán Fómhair 2013 agus iad ag gabháil ó neart go neart ó shin.

Tuilleadh >

Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste ag ceiliúradh 10 mbliana

Foilsithe 14 Aib. 2015 I Pobal, Cultúr agus Ealaíon

Féile Scoldramaíochta Bhéal Feirste 2015
Féile Scoldramaíochta Bhéal Feirste 2015

Shane Ó Curraighín

Naoi nGaelscoil ó chontae Aontroma agus ón ceantar maguaird a chuaigh chun ardáin ag Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste, atá ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe.

Thosaigh Seán Mac Labhraí an fhéile thiar in 2005 agus tá sé anois faoi stiúir Sheáin Fennell agus a chéile, Fionnuala Ní Mhealláin.

Seo chugaibh buaicphointí ó fhéile na bliana seo chomh maith le caint ó na rannpháirtíthe agus lucht a eagraithe.

Tuilleadh >

Polaitíocht na Foghraíochta

Foilsithe 13 Aib. 2015 I Cultúr agus Ealaíon

Múrphictúr Gaeilge i mBéal Feirste

Is fada plé a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla Gaeilge a bhíonn á labhairt ag cainteoirí dúchais agus ag nuachainteoirí na teanga. An bhfuil scoilt ag oscailt idir Gaeilge dhúchasach agus caint na gcathracha? An ndéanann foghlaimeoirí go leor iarrachta chun fuaimeanna na Gaeilge a thabhairt leo? Téann Ciarán Dunbar go croí na ceiste…

Tuilleadh >

Tráchtanna is déanaí