Comórtas Beolbheachtaithe ar son cúis mhaith

D'ostáil Missile Fitness, giomnáisiam in Iarthar Bhéal Feirste, imeacht le déanaí chun airgead a bhailiú do Ryan Curtis, trodaire MMA a bhris a mhuineál agus a dhroim. Níl Curtis, atá ina chara le húinéir Missile Fitness, Seán McComb, in ann a bheith ag obair ná airgead a shaothrú dá theaghlach anois. 

Oíche spraoi, ceoil agus craic a bhí san imeacht a reáchtáladh in Óstán Balmoral. Chuir an fear grinn áitiúil, Ciaran Barlett, tús leis an oíche le fuirseoireacht ar na boinn. Bhuail baill an ionaid aclaíochta an stáitse ina dhiaidh sin le haghaidh cath beolbheachtaithe. Rinne gach duine de na hiomaitheoirí iarracht amhrán a léiriú le cultacha a d’oir do na carachtair agus bhronn na moltóirí roinnt duaiseanna a thug gnólachtaí áitiúla don imeacht ar an bhuaiteoir ag deireadh an chatha.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid agus labhair muid le Seán McComb faoin oíche. Labhair Seán faoi cé chomh bróil agus a bhí sé as gach duine a chuidigh leis an airgead a bhailiú don chúis thábhachtach seo. 

Más mian leat airgead a thabhairt is féidir leathanach gofundme a fháil anseo agus ar na meáin shóisialta.

Close
Close