'Fara' - mion-albam nua le Neil Ó Briain

Díreoidh an tsraith nua cheoil seo ar amhránaithe agus ar cheoltóirí a bhfuil albam nua eisithe acu ar na mallaibh.

Bhuail Meon Eile le giotaraí as Contae Chorcaí, Neil Ó Briain, i Stiúideo Feirste, le labhairt faoin phróiseas a bhain lena mhion-albam Fara a dhéanamh agus faoin spreagadh taobh thiar de. D’eisigh Neil Fara i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus eispéireas iomlán difriúil a bhí ann dó as siocair gur oibrigh sé i gcomhpháirt le healaíontóirí eile, rud nach ndearna i gcás a thograí eile roimhe sin.

Tá ceithre amhrán ar leith ar an EP ach tá leanúnachas le brath ó thús deireadh fosta. Is i Londain atá na ceoltóirí eile lonnaithe: an drumadóir, Glen Welman, mar aon le Jess Townsend agus Tom Mc Cluskey as 'Severn Duo' (veidhlín & dordveidhil). Ba dhúshlán nua é seo do Neil, ag stiúradh ceoltóirí eile agus ag cumadh páirteanna le haghaidh uirlisí éagsúla. Bhí smacht iomlán aige ar an togra agus is éacht atá bainte amach aige.

Rinne léiritheoir de chuid Stiúideo Feirste, Darragh Mac Dónaill, an meascadh agus an maistriú ar Fara agus bhí deis ag Meon Eile labhairt leis sa stiúideo chomh maith. 

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh Neil anseo, áit ar féidir éisteacht leis an mhion-albam é féin chomh maith. Tá Neil ar Instagram agus is féidir é a leanstan anseo

Close
Close