As an reicneáil

Le Ciarán Ó Pronntaigh

Fadó fadó bhí muid dall ag na heacnamaithe. Focal amháin ó dhuine acu agus ba gheall le hairgead sa bhanc é . . . go dtí gur chlis ar na bainc, ar ndóigh. Focal ón IMF agus chomhaontaigh Rialtas na hÉireann le polasaí déine, déine a ghortaigh na daoine a bhí thíos seachas na daoine a bhí thuas. B’fhéidir gur ar leas an stáit a bhí sé sa deireadh nó tá sláinte an bhradáin ar an gheilleagar faoi láthair ach ní raibh gach eacnamaí ar son an pholasaí ag an am ná ina dhiaidh.

Is tríd an lionsa sin a léigh mé an tuairisc atá eisithe ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (IIEA). Chuir an bheirt údar, an tOllamh John Fitzgerald agus an tOllamh Edgar Morgenroth, béim ar na míbhuntáistí maoinithe a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbeadh athaontú na tíre ann. Is tráthach an tuairisc ag am a bhfuil caint níos réadúla ann faoi reifreann bunreachta.

Beidh a léamh féin ag an dá thaobh ar an cheist seo agus dhírigh na hAontachtaithe láithreach ar an fhigiúr de thart ar £17 billiún a bheadh de dhíth sa chás is measa. Le bheith cothrom, ní miste a rá gur shonraigh na húdair íosfhigiúr chomh maith, £6.9bn gach bliain, figiúr atá rud beag níos ísle ná an £11 billiún nó mar sin a luaitear go minic mar an méid a dhíolann Westminster leis na Sé Chontae.

Tríd an tuairisc, is léir go bhfuil cuid mhaith de na conclúidí bunaithe ar mheastacháin gharbha agus ar bhoinn tuisceana. An difear idir ioncam agus caiteachas is bonn leis an tuairisc seo ach is tuairimíocht é an tátal a bhain siad as go mbeadh airgead mór le híoc ag an rialtas ó dheas.

Rud amháin atá in easnamh ar an tuairisc, mar shampla, ná nach féidir ach meastachán a dhéanamh maidir le cáin chorparáide. Dá mbeadh Éire Aontaithe ann, bheadh córas cánach difriúil i réim, córas a bhailíonn na billiúin euro don rialtas ó dheas faoi láthair. Agus sin an laige is mó a ritheann leis an tuairisc seo – is iarracht í pictiúr a fháil den dóigh atá ar rudaí mar atá seachas a chur san áireamh go mbeidh rudaí athraithe ar fad sa réimeas nua.

Ceann de na teachtaireachtaí a fheicim féin sa tuairisc ná go bhfuil caiteachas ann nach bhfuil ag freagairt do riachtanais an phobail ó thuaidh, gan a bheith ag trácht ar na costais bhreise atá ann cheana mar gheall ar chríochdheighilt. Thiocfadh tuairisc eile a scríobh agus craiceann eile a chur ar an scéal.

D’admhaigh na húdair nár chuir siad san áireamh na buntáistí a rithfeadh le haonad amháin geilleagrach don oileán. Níl muid gann ó thaobh tuairiscí de a dhéanann cur síos ar na buntáistí féideartha a bheadh ann, agus scríobhadh cuid acu siúd ar na mallaibh. Agus reifreann ag teannadh linn, is cinnte go mbeidh figiúirí níos beaichte ar fáil. An rud atá ag teastáil go géar anois ná go mbeadh an rialtas ó dheas sásta an obair a chur isteach sa reicneáil sin agus plean cuimsitheach a chur le chéile seachas na figiúirí diúltacha seo a úsáid mar leithscéal gan aon rud a dhéanamh. Mar a dúirt Simon Harris ag an deireadh seachtaine, níl sé ar an liosta tosaíochtaí s’aige.

Ach tá an rialtas ó dheas ag íoc as rudaí mar atá le dhá chóras ar aon oileán amháin. Tá dhá chóras sláinte ann, dhá chóras oideachais agus geilleagar atá scartha óna chúltír nádúrtha féin. Aithníonn Rialtas na hÉireann na fadhbanna nó bhí siad sásta airgead a chaitheamh ar an A5, mar shampla, i measc go leor rudaí eile le déanaí. Smaoinigh faoin jab a thiocfadh a dhéanamh dá mbeadh rialtas amháin ann a bheadh in inmhe an infheistíocht chuí a chur isteach sa bhonneagar agus geilleagar láidir uile-oileánda a chruthú.

Tá pobal na Sé Chontae i ndrochdhóigh le blianta beaga anuas agus na córais shóisialta á gcreimeadh lá i ndiaidh lae. Nárbh fhearr dúinn gan a bheith ag brath ar fhlaithiúlacht Westminster, mar dhea, agus an babhla déirce a chaitheamh dínn? Tá rud amháin a dtugann eacnamaithe liobrálacha neamhaird air. Is é sin an spreagadh a thugann neamhspleáchas do phobal, an fhéinmhuinín a chothaíonn sé sin le seasamh ar ár gconlán féin. Tá spiorad athnuachana de dhíth orainn ó thuaidh, spiorad a ligfidh dúinn an acmhainn chruthaitheach atá ionainn uilig a scaoileadh saor agus a úsáid ar mhaithe leis an phobal. Ní eacnamaí mé ach níl eacnamaí de dhíth chun aithint gur chuir tuilleadh agus 100 bliain de chríochdheighilt an acmhainn sin faoi shuan. Nach fiú praghas beag a íoc le héalú as sin?

Close
Close