Tuairimí na dTráchtairí - Craobh Uladh

Tá Meon Eile ar ais an tseachtain seo leis an tsraith ‘Tuairimí na dTráchtairí’ ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thráthúla.

An tseachtain seo labhair Meon Eile le Dónall Mac Ruairí, Michelle Nic Grianna agus Máire Treasa Ní Cheallaigh faoi Chraobh Peile Uladh, a thiocfaidh chun buaice an 23 Meitheamh.

Bhí bua spleodrach ag Ard Mhacha ar an Dún Dé Domhnaigh agus bhuaigh an Cabhán ar a gcomharsana Muineachán.

An deireadh seachtaine seo chugainn beidh Tír Eoghan ag imirt in éadan Chontae Aontroma agus tabharfaidh Fear Manach aghaidh ar fhir Dhún na nGall sa dá Chluiche Ceathrú Ceannais eile.

Ach cé a rachaidh an bealach uilig i mbliana?

Close
Close