Eagraíodh gig speisialta de chuid Tinteán ag ionad ealaíon an MAC ar na mallaibh mar chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann.
Thart ar cheithre bliana ó shin, bhunaigh an ceoltóir agus Gael Feirsteach, Breandán Ó Luachráin, sraith gigeanna míosúla ina theach féin. ‘Tinteán’ ainm na sraithe agus is é an smaoineamh taobh thiar de ná an seanfhocal: “Níl aon tinteán mar do thinteán féin”.
Chuir sé roimhe spás teolaí compordach cairdiúil a chruthú a thabharfadh ardán speisialta do cheoltóirí éagsúla agus deis acu caidreamh níos doimhne agus níos pearsanta a chothú leis an lucht féachana.
Tá na gigeanna ag dul ó neart go neart ó shin - bíonn thart ar 50 duine ag freastal orthu go rialta - ag suíomhanna cluthara timpeall Bhéal Feirste.
Bhí thart ar 60 duine i láthair, Meon Eile san áireamh, ag an ócáid le linn na Fleidhe. Labhair muid le Breandan faoin tráthnóna ghalánta agus faoi scéal Tinteán go ginearálta.
Is féidir leathanach Tinteán a leanúint ar Instagram anseo ionas go mbeidh tú ar an eolas faoi na gigeanna a bheas ann amach anseo!


