Tríd an Dorchadas - Marion Ní Ghallachóir

An tseachtain seo ar ‘Tríd an Dorchadas’ cluineann muid scéal Marion Ní Ghallachóir. Girseach óg as an Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill. Tá riachtanais speisialta ag Marion ach níor stop sin ariamh í mar a fhaigheann muid amach óna máthair Mairéad…

Beidh Marion san iomaíocht i gcomórtas cispheile mar pháirt d’fhoireann Uladh i gcluichí Oilimpeacha Speisialta na hÉireann i mbliana agus í ag traenáil go dian le roinnt míonna anuas.

Beidh Cluichí Oilimpeacha Speisialta na hÉireann ag toiseacht amárach agus iad ar siúl i gCathair Luimnigh. Beidh 1,500 lúthchleasaí ó achan chearn den tír ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla, ina measc gleacaíocht, uiscíocht, galf, peil agus eile.

Ghlac Marion páirt i gCluichí Oilimpeacha Speisialta an Domhain sa tSín i 2007, ag tabhairt bonn airgid ’na bhaile léi. Dúirt a máthair, Mairéad, gurb é ceann de na cuimhní is fearr atá ag an teaghlach. Dúirt Mairéad nach raibh sí ábalta cur síos i bhfocail cé chomh bródúil is atá sí as a hiníon, go háirithe leis an méid atá bainte amach aici, rud a dúirt doctúirí nach mbeadh sí ábalta a dhéanamh a choíche.

Tríd an Dorchadas - Marion Ní Ghallachóir

Tá ról lárnach ag ‘Club Oilimpeacha Speisialta an Iarthuaiscirt’ i saol Marion. Duirt Mairéad go bhfuil costas mór bainteach leis an chlub a choinneáil a ghabhail agus chun na luthchleasaithe a chur chuig na cluichí, mar sin bíonn siad i gcónaí ag iarraidh airgead a chruinniú.

Tá an todhchaí ag amharc go maith do Marion, tá teaghlach agus cairde maithe aici, tá sí geallta ar stócach darb ainm Séamus agus an bheirt acu sona sásta le chéile, ach níos mó ná a dháth eile, tá éacht mhór bainte amach ag Marian ina saol, saol a shíl na dochtúirí nach mbeadh aici.

Close
Close