Clann Mhic Cionnaith ag an Fhleadh

Bhí Clann Mhic Cionnaith le chéile ar stáitse inné san ionad Oh Yeah Music Centre i gCeathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste. 

Is mar chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann a cuireadh an t-imeacht ar siúl agus bhí an áit plódaithe le muintir Bhéal Feirste agus cuairteoirí araon.

Is as Eochair i gContae Thír Eoghain an chlann chumasach cheolmhar seo - Eugene, Daniel, James, Sinéad, Peter, Ciarán agus Catríona. Tá an ceol traidisiúnta láidir sa teaghlach, agus an oidhreacht sin i ndiaidh leanúint ar feadh ceithre ghlúin. Tá clú orthu mar bhanna agus mar cheoltóirí aonaracha, agus neart acu i ndiaidh dul ar camchuairt timpeall an domhain, sa tSeapáin, sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus ar mhór-roinn na hEorpa.

Oíche dhraíochtúil a bhí ann aréir. Sheinn an chlann neart píosa éagsúla, go háirithe óna gcéad albam, The Boys of Carrickroe, a eisíodh i mí Aibreáin na bliana seo agus a taifeadadh in ómós dá seanuncailí, na fidléirí Pete agus Pat McKenna as an Charraig Rua i Muineachán. 

Close
Close