Siopa Standún

Siopa Standún / Sarah de Búrca

Bhunaigh May agus Máirtín Standún siopa beag i gConamara sa bhliain 1946. Ba as an Mhuileann gCearr í May agus cé gur fhás Máirtín aníos i Learpholl ba as Sligeach a theaghlach. Bhog Máirtín go hÉirinn agus bhí sé go láidir i bhfabhar shaoirse na tíre. Cuireadh go príosún é sna 30í mar gheall ar an ról a d’imir sé in Óglaigh na hÉireann agus ba ann a d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ó Mhártín Ó Cadhain.

Sa bhliain 1972 lean traidisiún an tsiopa sa teaghlach nuair a fuair mac May agus Máirtín, Dónal, an ról mar bhainisteoir na háite agus sa lá atá inniu is í gariníon May agus Máirtín, Cliona, i gceannais air. Tá Cliona an-bhrodúil as an siopa a bheith sa tríu hlúin anois. Ba mhaith léi é a fheiceáil ag dul ó neart go neart.

Tá éadaí do mhná, fir agus páistí le fáil i Standún, chomh maith le seodra, earraí tí agus bronntanais. Is féidir leat siopadóireacht a dhéanamh ar líne freisin ag www.standun.com

Close
Close