Leanfar ar aghaidh leis an tsraith cheoil i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte, agus sa chúigiú heagrán seo de ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ cuirimid John Spillane i bhur láthair.
Deirtear go mbíonn siúlach scéalach agus is fíor an ráiteas seo faoin Chorcaíoch ildánach seo atá inár dteannta an tseachtain seo. Is ceoltóir, scéalaí, cumadóir agus láithreoir ceoil é John Spillane atá aitheanta go forleathan fud fad na cruinne agus fuair Meon Eile deis seal cainte a chaitheamh leis mar aon le cluas na héisteachta a thabhairt lena raibh le ceol aige.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi John Spillane óna shuíomh www.johnspillane.com