Seisiúin Barr a' Tí - Caoimhín Mac Giolla Catháin

Cuirimid deireadh le lenár sraith cheoil i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte an tseachtain seo agus san eagrán deireanach de ‘Seisiúin Barr a’ Tí, cuirimid Caoimhín Mac Giolla Catháin i bhur láthair.

Is as Iarthar Bhéal Feirste do Chaoimhín agus tá blianta fada caite aige mar phríomhcheoltóir leis an ghrúpa Bréag, mar aon lena aistear ceoil aonair.

Bíonn sé i mbun coirmeacha ceoil i gcuideachta an ghrúpa i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus ag an Chabaret Craiceáilte i nDún na nGall go mion minic.

Cluintear iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus feicfear iad ar TG4 chomh maith.

Faigheann Caoimhín a chuid ionspráide ceoil ó reggae, amhráin nuachumtha agus ó Thír na mBascach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Caoimhín óna shuíomh Facebook: https://en-gb.facebook.com/caoimhinceol/

Seisiúin Barr a' Tí - Caoimhín Mac Giolla Catháin
Close
Close