Scéalta ón bhóthar leis na seó-bhannaí

Scéalta ón bhóthar leis na seó-bhannaí

Tá tús á chur againn le sraith nua ar Meon Eile inniu ag amharc siar ar réimeas na seó-bhannaí in Éirinn.

Sna seascaidí scafánta, bhí leithéidí Elvis agus The Beattles i mbarr a réime, ach i hallaí pobail na tíre seo bhí glúin nua faoi gheasa na seó-bhannaí, siamsaíocht a mhair na cianta.

Sa tsraith seo, chuaigh Meon Eile i mbun cainte leis na bannaí agus a lucht leanúna faoina gcuid cuimhní agus tionchar na seó-bhannaí ar cheol na linne seo.

Agus réimeas na seó-bhannaí i mbarr a mhaitheasa, bhí beagnach 800 banna i mbun camchuairte mórthimpeall na hÉireann, agus ar phobal na tíre in Albain agus Sasana.

Cloiseann muid san fhíseán seo scéal bheirt Chonallach, Seamus McGee agus Danny O’Donnell, a chaith cuid mhaith dá saol ar an bhóthar ag ceol agus ag cumadh amhrán…

Seó-bhannaí na hÉireann
Close
Close