Saol agus Saothar - Eithne Valley

Saol agus Saothar - Eithne Valley

Inniu ar ‘Saol agus Saothar’ labhraíonn Lynette Fay le hEithne Valley. Is muinteoir go príomha í Eithne a chaith a saol ag teagasc i dTuaisceart na hÉireann, ach is mar gheall ar an cheol traidisúnta is mó atá clú agus cáil ar Eithne agus a fear céile Brian.

Tá obair shuntasach bainte amach ag an bheirt agus traidisún ceoil na bpíobairí breá beo arís acu. Bhunaigh Eithne agus Brian Cumann Píobairí Ard Mhaca 47 bliain ó shín nuair a bhí gluaiseacht an cheoil traidisúnta faoin talamh anseo ó thuaidh agus tá an cumann ag gabháil ó neart go neart ó shin.

Labhraíonn Lynette le Eithne faoin dóigh ar bhuail Eithne lena fear céile agus an chúis ar ghlac siad go díograiseach leis an cheol in am nach raibh sé go coitainta sin. Cluineann muid faoin dóigh ar spreag siad a bpáistí féin chuig an cheol chomh maith le go leor eile ar nós Brian Finnigan, Alana Henderson, Síoda agus Cúig, ata uilig ag gabháil i bhfeidhm ar an phobal a bhuí leis an am a chaith siad leis an chumann.

Agus í ina mamó anois níl aon phlean ag Eithne éirí as an ról lárnach atá aici sa Chumann Píobairí agus í ag amharc amach as seo chun bealaí le forbairt agus níos mó dul chun cinn a dhéanamh.

Saol agus Saothar - Eithne Valley
Close
Close