Saol agus Saothar - Móna Uí Dhochartaigh

Saol agus Saothar - Móna Uí Dhochartaigh

Inniu ar Saol agus Saothar téann Lynette Fay i mbun cómhra le Móna Uí Dhochartaigh.

Is as Dún Geanainn í Móna ó dhúchas agus í go fóill ina cónaí ann lena fear céile agus iad ag tógáil teaghlaigh ann.

Bhí i gcónaí suim ag Móna sa Ghaeilge agus í ag fás aníos agus spreag a tuismitheoirí go mór í.

Is iomaí samhradh breá a chaith Móna i Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill mar scoláire agus ansin mar muinteoir chun an chéad ghlúin eile a mhealladh i dtreo na teanga.

Tá an Ghaeilge mar pháirt lárnach de shaol Mhóna agus agus tá sár-obair déanta aici leis na blianta anuas, go háirithe i gceantar s’aici féin.

Tá a saol caite aici ag teagasc agus sa bhliain 2011 bhunaigh sí Gaelscoil Aodha Rua, áit ina bhfuil sí ag feidhmnú mar Phríomhoide.

Níl dabht ar bith ann go bhfuil an Ghaeilge níos bisiúla i dTír Eoghain theas de bharr iarrachtaí na mná seo agus go mbeidh dul chun cinn eile á dhéanamh sa dúiche sna blianta amach romhainn.

Mona
Close
Close