Saol agus Saothar - Deirdre McAliskey

Saol agus Saothar - Deirdre McAliskey

Inniu ar ‘Saol agus Saothar’ tugann Lynette Fay cuairt ar an ‘Craic Theatre’ in Oileán an Ghuail le labhairt le Deirdre McAliskey. Tógadh Deirdre i nDoire Treasc i dTír Eoghan agus is inion í leis an pholaiteoir agus gníomhaí cáilúil Bernadette McAliskey.

Cluineann muid faoi na daoine a chuaigh go mór i bhfeidhm uirthi agus í ag fás aníos, a cuid tuismiteoirí, na muinteoirí a bhí aici agus í ar scoil chomh maith leis na cairde dílse atá déanta aici.

Cosúil lena máthair tá obair shuntasach déanta ag Deirdre ar son cearta daonra agus is rud a gcuireann sí a croí isteach ann. Rud eile atá gar dá croí ná an ceol agus an amhránaíocht.

Amach as an cheol agus an obair chearta daonra, is aisteoir í Deirdre fosta le go leor taithí aici ar an scáileán ó fhógraí agus cláracha go ról beag aici i scannán in éineacht le Helen Mirren fiú. Chomh maith leis sin tá neart oibre déanta aici le macasamhail ‘Aisling Ghéar’ mar aisteoir agus ag scriobh drámaí do pháistí fosta.

San agallamh seo cuireann muid aithne níos fearr ar Dheirdre mar dhuine agus faigheann muid amach cad atá idir lámha aici i láthair na huaire.

Saol agus Saothar Deirdre McAliskey
Close
Close