Oifigeach Forbartha Gaeilge Chairde Teo - Cáit Ní Choirbhín

An tseachtain seo bhuail muid le Cáit Ní Choirbhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cairde Teo i gCathair Ard Mhacha. Tá Cáit ag obair sa phost le sé seachtaine anuas agus taitníonn sé go mór léi.

Ní raibh an foirgneamh úr Aonach Mhacha oscailte ach ar feadh seachtaine nuair a druideadh é arís mar gheall ar shrianta COVID-19, mar sin is tús úr é do Cháit mar Oifigeach Forbartha Gaeilge agus don fhoirgneamh nua araon.

Tá neart ag tarlú go dtí seo sa siopa agus caifé thíos staighre agus tá Cáit ag súil leis an chumann óige a reáchtáil arís ach go háirithe. Síleann sí go bhfuil sé iontach tabháchtach na daoine óga a thabhairt le chéile arís ar mhaithe leis an Ghaeilge ach taobh amuigh den seomra ranga.

Close
Close