Mise agus Béal Feirste - Linda Ervine

Mar is eol don tsaol mhór, beidh Oireachtas na Samhna, féile bhliantiúil Ghaeilge, ag titim amach i mBéal Feirste ar an 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain. Mar sin, bheartaigh Meon Eile spotsolas a thabhairt ar dhaoine ar leith as Béal Feirste atá ag obair ar son na Gaeilge ar bhealaí difriúla timpeall na cathrach.

Chun tús a chur leis an tsraith bhuail Meon Eile le Linda Ervine, bunaitheoir agus bainisteoir Turas, eagraíocht Ghaeilge atá lonnaithe in ionad Skainos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste. Bhí Linda i mbun teagaisc ar an lá do rang Glantosaitheoirí agus an seomra lán go doras le roinnt daoine de gach cúlra.

In 2011, ghlac grúpa tras-phobail de mhná as Oirthear Bhéal Feirste agus Ionad Pobail na Trá Giorra (Short Strand) páirt i gcúrsa Gaeilge 6 seachtaine leis An Droichead, Linda san áireamh. Ó shin ar aghaidh, bhí Linda tógtha leis an teanga agus lean ar aghaidh ag foghlaim Gaeilge ag An Droichead, rud a chuir iontas ar go leor daoine timpeall Bhéal Feirste, go háirithe nuair a bhí a fear chéile, Brian Ervine, ina cheannaire ar an PUP (Progressive Unionist Party) ag an am. Sa bhliain chéanna, mar gheall ar neart suime a léirigh an pobal, chuir East Belfast Mission tús le cúrsa Gaeilge 15 seachtaine.

In 2012, ceapadh Linda mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ag East Belfast Mission a bhuí le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tugadh an teideal ‘Turas ’don togra úr seo, agus ó shin i leith tá turas thar a bheith speisialta agus fiúntach déanta ag an eagraíocht. Is léir nach bhfuil deireadh leis an turas sin fós…

Close
Close