Mar is eol don tsaol mhór, beidh an fhéile bhliantúil Oireachtas na Samhna ag titim amach i mBéal Feirste idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain. Mar sin de, bheartaigh Meon Eile spotsolas a dhíriú ar dhaoine ar leith as Béal Feirste atá ag obair ar son na Gaeilge ar bhealaí difriúla timpeall na cathrach.
San eagrán seo, bhuail Meon Eile le Pól Ó Néill atá ina chraoltóir le Raidió Fáilte le ceithre bliana anuas. Bhí suim ag Pól sna teangacha i gcónaí, an Ghaeilge go háirithe mar bhí an teanga ag a sheanmháthair agus é ag fás aníos. Ansin, nuair a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge ar an mheánscoil, thit sé i ngrá leis an teanga.
Cé go raibh cónaí ar Phól sa tSín ar feadh roinnt blianta, mhothaigh sé sa bhaile láithreach nuair a d’fhill sé ar Bhéal Feirste agus anois tá sé sáite sa chultúr Ghaelach tríd an obair a dhéanann sé agus trína shaol sóisialta.
Bhí seans againn fosta labhairt le Pól faoin phobal LADTA+ i mBéal Feirste agus faoin obair a dhéanann sé chun iad a cheangal leis an phobal Gaeilge, agus na ceachtanna atá le foghlaim ón dá dhream.