Insint Eile - Oisín i dTír na nÓg

Bailitheoir – Méadhbha Ní Bhriáin, Mín an Chladaigh

Faisnéiseoir – Ní fios

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428390/4403282

Lá dá raibh na Fianna amuigh ag seilg shuigh siad a dhéanamh scíste ar thaobh cnoic. Ní raibh siad i bhfad ina suí nó gur amharc fear acu siar agus go bhfaca toirt amuigh ar an fharraige idir iad féin agus luí na gréine. “ ‘Fheara” arsa seisean, ag síneadh a mhéir “an bhfeiceann sibh dadaí?” D’amharc achan fhear siar “Long a chaithfear a bheith ann” arsa duine acu. “Maise, níl deánamh luing air” arsa an darna fear. “Caid é eile bheadh ann?” arsa an tríú fear. Ach ba ghairid go dtáinig an toirt níos deise daofa agus gur aithin siad nach long ná bád a bhí ann, ach each diallaite agus marcach ar a dhroim. Nuair a tháinig sé isteach in aice leo thug na Fianna fá deara gur each geal bán a bhí ann agus é gléasta ní ba deise ná each ar bith dá bhfacaidh siad ariamh in Éirinn.

Bhí cailín óg mar mharcach air. Culaith den tsíoda uirthi ba deise dá bfhaca súil araimh. Bhí coróin lonnrach ar a ceann agus a gruaig buidhe ná slaoidheanna anuas ar a guailneacha. Shiúil sí leithe aníos taobh an chnoic go dtí an áit a raibh na Fianna ‘na suí. D’éirigh Fionn agus chuir fáilte roimpi agus chuir ceist uirthi caid é an tír a dtáinig sí as.

“Tháinig mise” ar sí “as tír nach bhfuil a leithéid faoi ropadh na gréine, sin Tír na nÓg, tír nach dtáinig tinneas, buaireamh nó anró ar aon duine ariamh ann. Tháinig mé trasna na farraige go dtí seo. Chuala mé go raibh fear anseo d’arbh ainm Oisín agus ba mhaith liom dá dtiocfadh sé liom. Ma théid sé liom-sa, déanfaidh mé rí dó ar Thír na nÓg.

Ní raibh Oisín sásta a dhul léithe. Sa deireadh thug sí amach úll a bhí istigh i mála léithe. D’iarr sí ar Oisín greim a bhaint as. D’ith sé uilig é. “Ar mhaith leat a bheith sa tír sin ina bhfásann na h-úllaí? Tá siad chomh tiubh ag mo thaobhsa le clocha beaga.”

Sa deireadh chaith Oisín é féin ag ar an each gheal bhán ar cúl Niamh Chinn Óir, nó b’é sin ainm na h-ainnire.

Bhí cumhaidh ar na Fianna agus ar Fhionn nuair a d’fhág Oisín slán acu agus d’imigh go Tír na nÓg.

D’imigh siad amach ar an fharraige mar bheadh siad ag siúl ar an talamh agus nuair a bhí siad amuigh i lár na farrage chonaic siad néal beag dubh amuigh ag bun an spéire. “Sin Tír na nÓg” arsa Niamh Chinn Óir.

Shroich siad é agus cuireadh fearadh na fáilte roimh Niamh agus Oisín.

D’fhán Oisín i dTír na nÓg trí chéad bliain agus shíl sé nach raibh sé thiar ach trí bliana. Lá amháin dúirt sé le Niamh Chinn Óir go raibh sé ag dul go hÉirinn a dh’amharc ar a mhuintir. D’iarr sise air gan a dhul ach ní raibh maith ar bith leis. Sa deireadh thug sí an t-each bán dó agus d’iarr sí air, ar a bhás, gan tuirling de’n each, nó nach bhfeiceadh sí é a choíche arais. Gheall Oisín dithe nach dtiocfadh sé anuas den each ar chor ar bith.

D’imigh sé leis go h-Éirinn agus bhí iontas na n-iontas air fán athru a bhí tagtha ar an tír agus h-inseadh dó go raibh na Fianna marbh leis na céadtaí bliain agus gur bheag eolais a bhí orthu anois. Bhí cumha mhór ar Oisín agus d’imigh sé leis ag pilleadh arais ar Thír na nÓg.

Tháinig sé ar scaifte mór fear agus iad ag iarraidh cloch bheag a bhogadh agus gan í ag teacht leo. Bhí iontas air chomh beag brí agus bhí iontu.

Chuir sé síos a láimh leis an chloch a thógailt ach bhris an bheilt leis agus thit sé chun talaimh. (D’imigh an t-each bán leis). Chomh luath agus a bhuail Oisín an talamh d’éirigh sé ‘na sheanduine chríon chaite agus ní raibh ann acht é go raibh sé ábalta siúl. Bhí sé buartha brónach agus ní fhaca sé Tír na nÓg ní ba mhó.

Bhí Naomh Pádraig in Éirinn san am agus lá amháin casadh é féin agus a chomhluadar ar Oisín agus nuair a chuala sé an scéal iontach a bhí ag an seanduine dúirt sé leis go mbaisteódh sé é. Rinne sé sin agus fuair Oisín bás ar an bhomaite.

Close
Close