Insint Eile - Na Trí Achainí

Bailitheoir – Pádraic Mac Pháidín

Faisneiseoir – Proinsias Mac Pháidín, Rann na Feirste

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428381/4402154/4512655

Bhí fear agus bean ann i bhfad ó shin agus bhí siad iontach bocht. Oíche amháin tháinig fear déirce isteach go dtí an doras chucu agus d’iarr sé lóistín agus dídean an tí go maidin agus dúirt fear an tí go bhfaighfeadh sé sin agus míle fáilte. Cóiríodh sráideog a chois na tine dó agus luigh sé ansin go maidin.

Ar maidin lá arna mhárach thug siad a bhricfeasta dó agus rann siad leis chomh maith agus a tháinig leo. Nuair a bhí sé réidh le himeacht dúirt sé go bhfaighfeadh siad trí achainí ar bith dá n-iarrfadh siad ach gan droch-cheann ar bith a iarraidh agus d’imigh sé. 

Bhí an fear fá choinne mála óir agus airgid a iarraidh agus lán cófra éadaigh, agus bhí an bhean fá choinne culaith éadaigh a iarraidh agus bróga deasa. Ach ní raibh an bheirt ábalta socrú i gceart le chéile caidé d’iarrfadh siad. Bhí achan duine acu fá choinne an rud a ba mhian leis féin a iarraidh.

 Tháinig am dinnéara agus bhruith siad pota preátaí. Nuair a bhí na preátaí bruite acu chaith siad amach ar losaid iad i lár an urláir agus shuigh siad a dhéanamh a ndinnéara i lár an tí. Ní raibh acu mar anlann ach scadán caoch agus braon bláiche.

 “Níl mórán maith i bpreátaí tura,” arsa an bhean. “Mo chreach gan giota muiceola againn leo.”

Ní luaithe a bhí an focal as a béal ná léim pan muiceola ar an tinidh. Bhí an chéad achainí acu. Bhí fearg mhór ar an fhear agus bhí sé ar mire leis an mhnaoi.

“Tú féin agus do chuid muiceola,” ar seisean. “Tá ár n-achainí bhreá cailte againn. Is trua nach ngreamaíonn giota maith den mhuicfheoil de do ghaosán.”

Ní luaithe a dúirt sé sin ná léim giota mór den mhuicfheoil agus ghreamaigh sé de ghaosán na mná. Bhí an darna achainí acu. Bhí buaireamh mór ar an fhear nuair a chonaic sé caidé a rinne sé.

“Ach,” ar seisean, “tá achaineí amháin againn go fóill agus tá mise ag gabháil a iarraidh lán an chófra sin thuas d’ór agus d’airgead.”

 “Sé, ach caidé an mhaith sin?” arsa an bhean, “is nach dtig liomsa m’aghaidh a thaispeáin taobh amuigh den doras a choíche, an fhad is atá an rud seo ar mo ghaosán.”

“Sé, a thaiscidh,” arsa an fear, “nuair a gheobhas mise cófra an airgid, gheobhaidh mé bocsa airgid déanta fá choinne a chur ar do ghaosán agus ní bheidh a fhios ag na daoine caidé tháinig ort.”

“Ní dhéanfaidh sin graithe ach oiread,” ar sise. “Caidé mar thiocfadh liomsa éirí amach a choíche agus bosca airgid crochta ar mo ghaosán?”

“Agus caidé dhéanfas muid?” arsa an fear.

“Tá,” arsa an bhean, “muid an achainí seo eile a iarraidh agus an mhuiceoil imeacht ó mo ghaosán. Tú féin a chuir orm ar scor ar bith é agus tá sé chomh maith agat í a dh’iarraidh go gasta nó iarrfaidh mé féin í.”

D’iarr an fear an achainí agus thit giota na muiceola de ghaosán na mná agus anois bhí siad chomh bocht agus a bhí ariamh. Ach is minic a bíos ádh ar amadán. Ní raibh sé i bhfad go dtáinig an fear bocht céanna ar aist. D’inis fear an tí dó caidé mar a d’éirigh daofa. Thug an fear bocht trí achainí eile daofa. D’iarr siad ór agus airgead agus bhí saibhreas agus bhí dóigh mhaith orthu ón lá sin go lá a mbáis.

Close
Close