Inis Seo Dom! Michelle Nic Grianna

Is as Rann na Feirste, Dún na nGall, í Michelle Nic Grianna, craoltóir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhog Michelle ó Glaschú go Rann na Feirste nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois agus gan mórán Gaeilge aici. Chuir sí a croí isteach sa teanga gur bhain sí céim amach sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Cúl Raithin.

Tá Michelle ag obair le Raidió na Gaeltachta le deich mbliana anois agus bíonn sí sa chathaoir do Bharrscéalta, Luan go hAoine le linn shéasúr an tsamhraidh.

Chas Meon Eile ar Michelle le haithne níos fearr a chur uirthi agus le fáil amach cad é an sult a bhaineann sí as an saol agus cad é na rudaí a chuireann as di…

Inis Seo Dom! Michelle Nic Grianna
Close
Close