Glórtha Uladh - Diane Ní Chanainn

Ó thús mhí Dheireadh Fómhair beidh muid ag athchraoladh na sraithe 'Glórtha Uladh' achan seachtain le cuid de na hamhránaithe is iomraití dá bhfuil ann in Ultaibh.


Tá muid ar ais lenár sraith, Glórtha Uladh!

Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis. 

Bhéarfaidh na ceoltóirí ar leith seo léargas ar a gceantar dúchais dúinn agus foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.

An tseachtain seo is i dTír Chonaill atá muid in éineacht leis an amhránaí binn galánta, Diane Ní Chanainn.

Ar nós go leor de na hamhránaithe eile sa tsraith, tá Diane ag gabháil don cheol traidisiúnta agus don amhránaíocht ó bhí sí ina girseach óg. 

Spreag a hathair, John, Diane i dtreo an cheoil an chéad lá ariamh agus níor stad sí ó shin.

Bíonn Diane ag teagasc ranganna amhránaíochta i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste agus glacann sí páirt sna comórtais sean-nóis ag an Oireachtas gach bliain fosta. 

Tá albam dar teideal 'Idir Muir agus Sliabh' curtha amach aici, albam ar éirigh thar barr leis.

Tá bua an cheoil ag Diane gan amhras agus ba dhoiligh í a bhualadh ag canadh leagan Conallach de na hamhráin sean-nóis is clúití.


Close
Close