Insint Eile - Ghoid Sé ón tSagart

Sa scéaldráma seo déanann páistí as na Dúnaibh an scéal ‘Ghoid sé ón tSagart’ a athinsint. Fuair Cáit Ní Ghallchóir an scéal ó Mháire Ní Dhomhnaill as Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall. Bhí Máire 51 nuair a d’inis sí an scéal 80 bliain ó shin.

Bailitheoir – Cáit Ní Ghallchobhair

Faisnéiseoir – Máire Ní Dhomhnaill, Rann na Feirste

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428380/4401817/4512279

Bhí fear ann fada ó shin agus bhí sé iontach greannmhar. Ní bheadh beo air mura mbeadh sé ag déanamh grinn ar dhuine inteacht i gcónaí. Bhí sé an-mhór le sagart na paróiste agus bhíodh an sagart i dtólamh ag déanamh grinn air.

Lá amháin bhí an fear seo ag gabháil ar faoisidin chuig an tsagart agus sula dteachaigh sé ar faoisidin, chonaic sé léab mór tobaca i bpóca an tsagairt. Dar leis gur dheas é a ghoid. Nuair a tháinig a sheal, chuaigh sé isteach chuig an tsagart ach, má chuaigh, chan a dhéanamh a anama.

Chaith sé é féin ar a ghlúine go cráifeach ag cosa an tsagairt agus thoisigh sé a inse a chuid peacaí agus dar leat go raibh dólás mór croí air. Nuair a fuair sé faill ar an tsagart, chuir sé anonn a lámh go fáilí agus ghoid an tobac as póca an tsagairt. Ní luaithe a rinne sé sin ná d’inis sé don tsagart gur ghoid sé ceathrú tobaca ó fhear uasal.

“Caithfidh tú é a thabhairt dó ar aist,” arsa an sagart.

“Bhéarfaidh mé duitse é,” arsa an fear, ag síneadh an tobac don tsagart.

“Ní ghlacfaidh mise é,” arsa an sagart. “Tabhair don fhear uasal é féin é.”

Close
Close