Garsprioc Stairiúil: Gael Linn - 70 bliain ar an fhód

Bunaíodh Gael Linn in 1953 agus an phríomhaidhm a bhí ag an eagraíocht ag an am sin ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Ar ndóigh, tá an obair thábhachtach sin go fóill ag dul ar aghaidh acu sa lá atá inniu ann. Tá Gael Linn dírithe go príomha ar an oideachas in earnáil an Bhéarla, ar oideachas d’aosaigh agus ar dheiseanna úsáide a chruthú do dhaltaí.

I mbliaina, tá Gael Linn ag ceiliúradh 70 bliain ar an fhód agus, le tús a chur leis an bhliain shuntasach, bhí an cheolchoirm ‘Gig Gael Linn’ ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath. Bhí cuid mhaith aíonna speisialta i láthair, cuir i gcás IMLÉ, Róisín Seoige, agus An Chéad Ghlúin Eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid, áit ar labhair muid le Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, chomh maith le Conchobhar Mac Giolla Bhríde, An tOllamh Malachy Ó Néill agus Alana Ní Chiaráin faoin taithí atá acu le Gael Linn agus faoin gharsprioc mhór féin.

Close
Close