Gaeil i gCéin - Hynek Daniel Janoušek

Tá an tsraith 'Gaeil i gCéin' ag leanúint ar aghaidh inniu, sraith ina mbuaileann muid le daoine éagsúla ar fud na cruinne a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a insíonn cad chuige ar thug siad faoin teanga a fhoghlaim.

An iarraidh seo is é Hynek Daniel Janoušek, múinteoir agus aistritheoir as Prág i bPoblacht na Seice, atá linn. Labhair Hynek faoina chuid oibre agus faoin doctúireacht atá ar siúl aige faoi láthair le hOllscoil na hÉireann Gaillimh. Bhuail muid fosta lena chairde deasa gleoite, Žaneta an turtar agus cat beag tuirseach Pišta!

Close
Close