Bunaíodh ‘Employ Ability Galway’ sa bhliain 2001 mar chuid de 23 comhlacht in Éirinn a thugann tacaíocht do dhaoine le míchumas fostaíocht a aimsiú.
Tá clár faoi leith ag ‘Employ Ability,’ Clár Fostaíochta faoi Thacaíocht, ina gcabhraíonn sé le daoine faoi mhíchumas obair a shaothrú. Tá ceithre chéim ag an gclár;
(1) Measúnú ar Riachtanais
(2) Post a Sholáthar
(3) Fostaithe le Tacaíocht ó Thraenálaí Poist
(4) Socrú i bPost le hIarchúram nó Comhairleoireacht
Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine incháilithe uilig faoi mhíchumas atá ullamh do phost. Ta Éascaitheoir Fostaíochta amháin, Róisín McDonagh, ag obair le Employ Ability Galway a bhfuil Gaeilge líofa aici chomh maith le teanga chomharthaíochta agus tá sí ar fáil le bheith ag obair le daoine in aon áit i nGaillimh má tá fostóirí nó fostaithe ag iarriadh na seirbhíse.
Tá ‘An Tionscnamh Scáthfhoghlama’ ar siúl an tseachtain seo, is é sin seachtain ina bhfuil daoine atá ag iarraidh foghlaim faoi phost faoi leith ábalta fostóirí a leanúint chun níos mó eolais a fháil faoin bpost sin.
Bíonn An Tionscnamh Scáthfhoghlama ar siul gach Aibreán ach idir an dá linn tá lán fáilte roimh fostóirí agus fostaithe dul i dteagmháil le Employ Ability.