An tseachtain seo ar Chuimhní Craoibhe amharcann muid siar ar ré órga Ard Mhacha le laoch peile an chontae, Jarlath Burns. Le teacht 2002, fograíodh Joe Kernan as Crois Mhic Lionnáin mar bhainisteoir na foirne. Bhí Corn Sam Mhig Uidhir sa chontae den chéad uair riamh faoi fhómhar ‘02.
Idir 1999 agus 2008, thóg fir Ard Mhacha craobh Uladh seacht n-uaire, mar aon le Craobh na hÉireann in 2002. Sna blianta i ndiaidh ’02, bhí coimhlíntí crua idir Ard Mhacha agus a gcomharsana, Tír Eoghain. Níor tháinig contae eile idir an bheirt acu agus craobh Uladh go dtí 2011. Bhí cáil saothraithe ag stíl imeartha an chontae sa tréimhse seo agus léitheidí Kieran McGeeney, Francie Bellew, Paul McGrane, Steven McDonnell, Diarmuid Marsden agus Oisin McConville i mbarr a maitheasa.
Seo súil siar ar laethanta móra peile an chontae trí shúile Jarlath Burns...
Amharc ar an fhíseán