Cuimhní Craoibhe – Ard Mhacha '02

Cuimhní Craoibhe – Ard Mhacha '02

An tseachtain seo ar Chuimhní Craoibhe amharcann muid siar ar ré órga Ard Mhacha le laoch peile an chontae, Jarlath Burns.

Le teacht 2002, fograíodh Joe Kernan as Crois Mhic Lionnáin mar bhainisteoir na foirne.

Fear é a thug go leor craobhacha go deisceart Ard Mhacha roimhe sin agus leoga bhí Corn Sam Mhig Uidhir sa chontae den chéad uair riamh faoi fhómhar ‘02.

In ainneoin Ciarraí a bheith ceithre chúilín chun tosaigh ag leath ama sa chluiche ceannais, bhí aiséirí i ndán d’Ard Mhacha sa dara leath agus cuireadh An Ríocht go droim seoil le farrasbarr aon phointe amháin.

Idir 1999 agus 2008, thóg fir Ard Mhacha craobh Uladh seacht n-uaire, mar aon le Craobh na hÉireann in 2002.

Bhí cáil saothraithe ag stíl imeartha an chontae sa tréimhse seo agus léitheidí Kieran McGeeney, Francie Bellew, Paul McGrane, Steven McDonnell, Diarmuid Marsden agus Oisin McConville i mbarr a maitheasa.

Sna blianta i ndiaidh ’02, bhí coimhlíntí crua idir Ard Mhacha agus a gcomharsana, Tír Eoghain.

Tá cluiche ceannais na hÉireann ’03 agus cluiche leathcheannais ’05 i measc na gcluichí is clúití.

Leoga, níor tháinig contae eile idir an bheirt acu agus craobh Uladh go dtí 2011.

Seo súil siar ar laethanta móra peile an chontae trí shúile Jarlath Burns…

Ard Mhacha 2002

Tá na grianghraif san fhíseán thuas á n-úsáid faoi cheadúnas Creative Commons. Gabhaimid buíochas le CLG Uladh, Michael McGonagle, Kenneth Allen, Rallyretro, Derbhla S agus John H. Nolan.

Close
Close