Tá Oireachtas na Samhna beagnach buailte linn agus, den chéad uair ó bhí 1997 ann, beidh na Gaeil ag teacht go Béal Feirste don fhéile chlúiteach. Beidh na himeachtaí ar siúl ar fud na cathrach ón ICC go dtí an tÓstán Europa agus ó Halla na Cathrach go Bóthar na bhFál.
Beidh Meon Eile i lár an aonaigh ann mar sin de cuir aithne ar Jane, Eilís agus Órnaith, físiriseoirí Meon Eile, agus muid ag déanamh turas thart ar ionaid an Oireachtais!
Beidh Meon Eile faoi lán seoil an tseachtain seo agus, mar is gnách, ag tabhairt ardán ar leith do ghlórtha Uladh le linn an Oireachtas.
Beidh suíomh agus meáin shóisialta s’againn gníomhach le beocht na n-imeachtaí agus tá muid ag dúil go mór le bheith i lár an aicsin libh uilig.
Coinnigh súil amach do léinte Meon Eile - ba bhreá linn labhairt libh!
