Barúil ón bhosca - An bhfuil eiticí neamhoifigiúla ann do Facebook?

Barúil ón bhosca - An bhfuil eiticí neamhoifigiúla ann do Facebook?

An bhfuil muid mar phobal i ngreim ag na meáin shoisialta?

Is fíor le rá go bhfuil. Tá sé dóiligh an ‘saol’ ar líne a shárú sa lá atá inniu ann, go háirithe mar go bhfuil an oiread ardáin áirithe tagtha chun cinn le blianta anuas.

Cé go bhfuil ré Bebo thart tá Instagram, Twitter, Snapchat agus Facebook anois ina áit.

Tá an-ráth ar Facebook agus 1.31 billiún duine cláraithe ar an suíomh idirlín.

Tá Facebook mar dhlúthchuid dár saol, an áit a mbíonn muid ag caint agus ag cómhra lenár gcairde agus le daoine úra.

Bíonn muid ag roinnt grianghrafanna agus físéain, bíonn muid ag coinneaíl daoine ar an eolas faoinár saol tríd an ‘stádas’ a chuireann muid in airde agus bíonn cuid daoine ag smúrthacht ar leathanaigh iar-ghirseachaí a stócaigh.

Ach an dtéann muid thar fóir leis an méid a chuireann muid in airde?

Cad ba chóir, agus níos tábhachtaí arís, cad nár chóir a dhéanamh ar Facebook? An bhfuil eiticí neamhoifigiúla ann?

Thug muid cuairt ar Choláiste na Trionóide ar na mallaibh leis an ábhar seo a phlé…

Barúil ón Bhosca
Close
Close