An bhfuil soineantacht na hóige á creimeadh sa domhan digiteach?

9 as 10 atá buartha faoina sábháilteacht ar líne, de réir suirbhé bliantúil ón innéacs mhuinín na dtomhaltóirí.

Thaispeáin tuairisc.ie le déanaí go raibh físeáin le hainmneacha Gaeilge á n-úsáid le pornagrafaíocht a fhoilsiú ar Youtube

Sna sála air seo, d’fhoilsigh nos.ie scéal faoin bhlag ‘cuplafocal.ie’ a shílfeá go mbeadh dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ach a fhoilsíonn scéalta gáirsiúla faoin ghnéas.

Cinnte, tá buntáistí móra leis an domhan digiteach ach ní ionann smacht an tuismitheora ann agus an smacht sa ghnáthshaol, mar a chloisfear san fhíseán thíos.

Labhair muid le máthair clainne agus an léiritheoir teilifíse, Fiona Keane, chomh maith leis an saineolaí teicneolaíochta agus múinteoir, Daithí Ó Muirí, faoi na dúsláin a bhaineann leis an saol reatha digiteach…

An bhfuil soineantacht na hóige a chreimeadh ag an domhan dhigiteach? 
Close
Close