Sa tsraith úr ‘Liosta Léitheoireachta na Nollag’, caithfidh Meon Eile spotsolas ar cheithre leabhar Gaeilge a foilsíodh i mbliana. Más bronntanas Nollag atá tú a lorg, nó leabhar nua duit féin, aimseoidh tú réimse leathan de mholtaí léitheoireachta idir seo agus an Nollaig!
Sa chéad eagrán, téann muid ar thuras siúlóide trí lár Bhéal Feirste leis an Dr. Fionntán de Brún - scríbhneoir aitheanta arb as Béal Feirste é féin. Bhí an turas bunaithe ar leabhar nua dá chuid, ‘An Ghaeilge agus lár Bhéal Feirste’.
Taobh istigh den leabhar dátheangach seo, insítear scéal na Gaeilge sa chathair ón Mheánaois go Tionól na gCruitirí in 1792, anuas go hathbheochan Chonradh na Gaeilge sa 19ú/20ú haois.
Bhí Fionntán thar a bheith sásta leis an oiread suime a léiríodh sa turas, rud a thugann le fios go bhfuil an teanga, agus an grá di, faoi bhláth sa chathair i láthair na huaire.
Tá an leabhar ar fáil ar líne agus in An Ceathrú Poiblí, Béal Feirste.
