'Cailín Sinséir Bhéal Feirste'

Sa tríú heagrán den tsraith ‘Liosta Léitheoireachta na Nollag’, thug Meon Eile cuairt ar sheoladh an leabhair ‘Cailín Sinséir Bhéal Feirste / The Belfast Gingerbread Girl’, scríofa ag Marianne McShane agus deartha ag Andrew Whitson, nó ‘Mr Ando’ mar is fearr aithne air.

Is é seo an chéad leabhar dátheangach atá foilsithe ag An tSnathaid Mhór, forbairt a bhfuil Caitríona Nic Sheáin thar a bheith bródúil as. Tá sí an-sásta go mbeidh páistí in ann an leabhar a léamh i nGaeilge agus i mBéarla, lena dtuismitheoirí, seanthuismitheoirí, agus gaolta eile. Is í Áine Ní Ghlinn a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge, comhoibriú ar bhain Áine agus a cairde sult agus tairbhe as.

Leanann an scéal speisialta Cailín Sinséir agus í ag éalú ón charachtar Máire Áine. Imíonn sí léi ar thuras trí chathair Bhéal Feirste, áit a mbuaileann sí le madadh, francach, faoileán, madadh rua, agus eile. Déantar tagairt d’áiteanna clúiteacha timpeall na cathrach chomh maith. Is cinnte go gcothóidh an scéal seo bród i bpáistí Bhéal Feirste go háirithe, go bhfuil cathair s’acu féin luaite mar phríomhláthair an scéil.

Is leabhar draíochtúil é seo a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag. Is féidir é a cheannach ó An Ceathrú Póilí anseo.

Close
Close