Rás trastíre na Gaelscolaíochta

Ghlac roinnt Gaelscoileanna áitiúla páirt i rás trastíre i bPáirc na bhFál i mBeál Feirste ar na mallaibh.

Rás cúig chiliméadar a bhí ann agus ba iad Gaelscoil na bhFál, Gaelscoil na Móna, Bunscoil Phobal Feirste, Scoil an Droichid, Bunscoil an tSleibhe Dhuibh agus Gaelscoil Éanna na scoileanna a bhí páirteach ann. Bhí trí bhabhta ann - cailíní, buachaillí agus daltaí rang a cúig - agus fuair achan pháiste bonn agus bronnadh corn ar an scoil leis an fhoireann is gaiste.

Agus níos mó na 140 dalta ag rith i mbliana, tá an t-imeacht ag dul ó neart go neart. 

Bhí Meon Eile i láthair ag an rás agus labhair muid le Seán Fennell, muinteoir ó Ghaelscoil na bhFál, agus Colin Drain, ó Beechmount Harriers, an bheirt a d'eagraigh, faoin rás agus faoina thábhachtaí atá spórt agus aclaíocht do shláinte na ndaoine óige.

Close
Close