Tús leis na Cluichí Paroilimpeacha

Jason Smyth
Jason Smyth / ©PRESSEYE/INPHO/Morgan Treacy

Tá clú agus cáil bainte amach ag Jason Smyth mar lúthchleasaí, ó bhain sé dhá bhonn óir (100 agus 200m) ceithre bliana ó shin i mBeijing na Síne. Is as an Mhagh (Eglinton) é, thart faoi ocht míle taobh amuigh de Dhoire Cholmcille agus 10.22 an t-am is gaiste atá aige sa rás 100m.

Sa lá atá inniu ann is annamh a dhéantar uasal le híseal ar na Cluichí Paroilimpeacha, cluichí atá faoi lán seoil i Londain Shasana i láthair na huaire. Tá ardmheas ar na hiomaitheoirí a bhfuil ardchaighdeán spóirt bainte amach acu. Is léir sin ón aird a thug na meáin chumarsáide ar an oscailt oifigiúil Dé Céadaoin agus ón chlú atá bainte amach ag Jason Smyth. Is dócha go léiríonn an meon sin go bhfuil sochaí na tíre seo ag teacht in aibíocht maidir leis spórt mionlach agus rannpháirteachas.

Ach tógtar ceist eile agus caighdeán chomh hard sin bainte amach ag iomaitheoirí sna cluichí Paroilimpeacha. Ar cheart agus ar chóir aon chomórtas amháin bheith ann? Táthar ann a chreideann gurb é sin an bealach atá amach romhainn agus is minic a luaitear Jason Smyth mar eiseamláir. Tá bunús leis an dearcadh sin mar i mí na Bealtaine ní raibh an tÉireannach óg ach 0.04 soicind taobh amuigh den chaighdeán cáilithe a bhí de dhíth ar na Cluichí Oilimpeacha féin don rás 100m. Níl ach ceithre bliana is fiche slánaithe aige agus, mar sin de, is féidir go mbainfear an t-am cáilithe sin amach luath nó mall. Is mian le Smyth bheith ar an chéad duine riamh ó na Cluichí Paroilimpeacha le páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha. Ach is dóigh liom gur eisceacht é agus a mhacasamhail.

Ná déantar dearmad go bhfuil cuid mhaith de na hiomaitheoirí gan lúth na gcos ná luth na ngéag, ar leathchos nó gan chosa, ar leathlámh ná gan lámha, gan chéadfa ná gan chéadfaí. Leis an fhírinne ghlan a dhéanamh, ní bheadh ciall leis na Cluichí a phósadh nó a nascadh.

Tóg mar shampla an comórtas peile do na daill. Cé nach mbíonn gach iomaitheoir go hiomlán dall, caithfidh na himreoirí dallamullóg a chaitheamh sa dóigh is go mbíonn cothrom na Féinne ann.

Ní miste scagadh is mionscrúdú a dhéanamh ar an chomórtas peile seo sna Cluichí Paroilimpeacha. Ní bhíonn an t-anam nó an preab céanna sa liathróid is a bhíonn sa ghnáthliathróid agus bíonn gráinní iompair taobh istigh ann le go mbíonn an liathróid inchluinte. Bíonn cláir thart ar imeall na páirce a chuireann stop leis an liathróid imeacht as an imirt agus cuidíonn an fhuaim agus an macalla a bhaintear as na cláir leis an himreoirí suíomh na liathróide a aimsiú. Tá cead radharc na súl bheith ag an chúl báire ach níl cead aige teacht amach as a chearnóg féin. Lena chois sin, tá cead ag treoraí a bhfuil radharc na súl aige bheith ag gach foireann leis na himreoirí a threorú is a chomhairliú lena ghuth ó chúl na gcúl, nuair is gá.

Agus na himreoirí ‘dall’, tá tábhacht agus béim ar leith ar na céadfaí eile, go háirithe éisteacht na gcluas. Mar sin de, caithfidh an lucht féachana nó lucht éisteachta bheith ina dtost i rith an ama. Is beag seans go mbeidh peil do na daill á himirt áit ar bith eile ach ag na Cluichí Paroilimpeacha. Agus sin mar is ceart agus is cóir, dar liom féin. Ní bheadh na Cluichí Paroilimpeacha ar an tsaol muna raibh feidhm leo agus éileamh ann.

Agus sin ráite, ná cuirtear dallamullóg ar bith ort féin. Ó cuireadh tús leis na Cluichí Paroilimpeacha sa Róimh sa bhliain 1960, bíonn an iomaíocht chomh fíochmhar, géar, dúshlánach is a bhíonn sna Cluichí Oilimpeacha. Má tá amhras ar bith ort faoi sin, coinnigh súil ghéar ar iarrachtaí Jason Smyth an bonn óir a atógáil sna rásanna 100 agus 200m.

Agus cuir ceist faoi ‘boosting’ sna Cluichí Paroilimpeacha – nuair a bhriseann iomaitheoirí, a bhfuil dochar déanta don chnámh droma s’acu, méar coise ná cnámh bheag sa chorp, mar shampla, sa dóigh is cuirfear leis an fhuinneamh roimh chomórtas. Cé go mbíonn contúirt mhór leis seo, contúirt an bháis san áireamh, agus cé go bhfuil sé mídhleathach ar ndóigh, meastar go mbíonn 20-30% de na hiomaitheoirí ag an Cluichí Paroilimpeacha ag dul dó.

Ach bíodh d’aird ar an 70-80% eile agus coinnigh súil ar an chuid eile d’fhoireann na hÉireann. Tá naonúr is dhá scór, Jason Smyth san áireamh, ag dúil le páirt a ghlacadh – ina measc Sally Brown as Baile Uí Cheallaigh (100/200m), Eilish Byrne as Ard Mhacha (marcaíocht capaill), Laurence McGivern as Ros Treabhair (snámh) agus Michael McKillop as Béal Feirste (800/1500m).

Fearghal Mag Uiginn

Close
Close